Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thug sé sciord ghasta daofa le bréid he gave them a quick wipe with a cloth
" Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige.
a thabharfadh le fios that would make it known
" Mar spéicéir Chomhairle Chathrach Nua-Eabhrac agus duine de bhunadh na hÉireann, fuair Quinn cuireadh máirseáil sa mórshiúl, rud a bhí sí sásta a dhéanamh ach cead a bheith aici máirseáil le suaitheantas a thabharfadh le fios go raibh sí aerach.
rud a thugann le fios go soiléir something which implies clearly
" ”Aon uair a luann Myers Sinn Féin i rith an agallaimh, nascann sé an IRA leo - rud a thugann le fios go soiléir cén dearcadh atá aige ina leith.
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, which the company TNS MRBI undertook recently
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
a thugann le fios which implies
" Ach tá rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil fá dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra ná luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht, seachas léiriú dá chuid paisin.
Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne He was invited to be a team captain
" Tugadh cuireadh dó le bheith mar chaptaen foirne ar an gclár “Don’t feed the Gondolas” ar RTÉ.
tugadh le fios dúinn it was implied to us
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
thug sí le tuiscint she gave people to understand
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
a thug le fios which said
" Cuir i gcás go bhfuair duine litir dochtúra a thug le fios go raibh máchail coirp air agus gur cháiligh sé do phas saorthaistil dá bharr.
Tugadh le fios it was implied
" Tugadh le fios go raibh an triúir ag cothú troda sa chlub oíche.
tugann sé le fios it implies
" Cén fáth a mbeadh orthusan a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar dhearcadh an chuid eile den phobal mar gheall ar a slí mhaireachtála? Uasal le híseal atá i gceist leis an mbille seo, d’fhéadfaí a rá, mar gheall ar go dtugann sé le fios nach bhfuil daoine aeracha in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceann de na nithe is bunúsaí i saol an duine: a rogha céile.
tugadh le fios it was implied
" An tseachtain seo, tugadh le fios go dtiocfaidh ardú 30% ar phraghsanna aibhléise ó thuaidh, sin an cineál ruda a bhfuil daoine buartha faoi.
Thug sé le fios he convinced
" Thug sé le fios gur chreid sé féin, an méid a dúirt sé.
tugann an stair le fios history shows
" Ar ndóigh tugann an stair le fios cén dochar gur féidir leis an duine a dhéanamh nuair a chuirtear, de chúis amháin nó de chúis eile, an daonnacht atá ann as a riocht.
thug sé le fios he let it be known
" Ar neoin, thug sé le fios gur chuir seo isteach go dian ar féin chomh maith.
thugann le fios to suggest
" Tá a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as.
thug sé le fios he let it be known
" An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.
Tugadh le fios it was made known
" Tugadh le fios i bhfógra ins an Post Office Gazette i Sasana ar an 14 Feabhra 1979 go raibh méadú mór tagtha ar líon na litreacha le seoltaí Gaeilge agus nach raibh a leithéid inghlactha: *“This is contrary to Post Office recommendations and wherever possible instances should be taken up with the poster and efforts made to ensure that correct postal addresses are used.
tugann sé seo le fios it demonstrates
" Dar leis an iris Bretons, tugann sé seo le fios go bhfuil mórathrú tar éis teacht ar fhéiníomhá na Briotáine.
thug Soros le fios S. gave to understand
" Sa mheabhrán poiblí sin don Uachtarán a toghadh lena chuid tacaíochta, thug Soros le fios gur ‘comhartha dóchais’ é go raibh an Bráithreachas Ioslamach ag comhoibriú le Mohamed ElBaradei, iarcheannasaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
Tugann an stair le fios history tells us
" Tá ceist faoi Shinn Féin fosta: an mbeidh siad in ann athrú ó pháirtí radacach pobalach go páirtí a bhfuil tacaíocht leathan acu? Tugann an stair le fios gurb amhlaidh a tharlóidh.
Tugtar le fios it’s given to understand
" Tugtar le fios an dúil atá ag an tír seo san íostachas.
thugadar cúl le they turned against
" An eite chlé féin i saol an Bhéarla agus i saol na Fraincise, thugadar cúl le scéal Libia nuair thaobhaigh Muammar al Qathafi tíortha NATO roinnt blianta ó shin.
thugann le fios purveys the idea
" Ní thaithníonn sé liom go bhfuil TG4 ceangailte le sraith teilifíse, a thugann le fios gur laochra iad na mná seo, a bhí sásta tacú le feachtas buamála a mharaigh agus a ghortaigh na mílte daoine neamhurchóideacha le linn na cogaíochta ó thuaidh.
thug le fios showed
" Trí lá ina dhiaidh sin, chuaigh Zschäpe, 36, isteach chuig stáisiún na bpóilíní lena dlíodóir in Jena agus thug le fios, “Is mise an duine atá sibh ag tóraíocht.
tugtar le fios dúinn we are informed
" Ó shonraí an daonáireamh a rinneadh i 2011 tugtar le fios dúinn go bhfuil 23,000 duine a labhrann Gaeilge achan lá.
thug sé le fios he informed
" Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug sé le fios go ndeachaigh sé féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil sé urchar fúithi riamh.
a thug le fios which showed
" Foilsíodh tuarascáil as an gcomhdháil sin a thug le fios go raibh deiseanna múinteoireachta don teanga ar fáil ar fud na Stát Aontaithe ach na múinteoirí cearta a bheith ar fáil agus na hacmhainní cearta a bheith acu.
thugann le fios show
" Mar sin féin, is fiú go mór fadhbanna na hÉireann agus na hEorpa a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus stairiúil a thugann le fios go raibh athruithe móra ar bun le tríocha bliain anuas a chuir laigí móra ar mhargaí airgeadais an domhain.
a thugann le fios which indicates
" Tá scríbhinn agus pictiúr in aon chása leis an veidhlín a thugann le fios gur leat féin é an veidhlín agus gur duit a rinneadh é.
a thugann le fios which demonstrate
" Tar éis blianta de thaighde, tá a lán fianaise ann a thugann le fios go n-imríonn an aimsir tionchar nach beag ar an dhuine.
Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas I was reluctant to leave the quiet spot
" Údar an Luathéirí ==== Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin.
tugadh chun solais le fiche bliain anuas it came to light in the last 20 years
" Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram.
Tugann sé le fios it goes to show
" Tugann sé le fios fosta nach féidir a bheith ag caint ar dhaonlathas i stát a cruthaíodh le go mbeadh móramh buan ag rannóg amháin den daonra.
a thug le fios don té a cheap a mhalairt which let it be known to anyone who thought the opposite
" Agus bhí focal eile a úsáideadh go minic leis, cineál eireabaillín leis an méid a chuaigh roimhe, is é sin ‘rógaire’, focal a thug le fios don té a cheap a mhalairt nár naomh amach is amach a bhí i bPáidí Ó Sé.
Thug sé le fios fosta he also said
" ”* Thug sé le fios fosta go raibh teagasc na Gaeilge ar an *“biggest single policy failure in Irish education”*.
a thug, is ba chiontaí le who brought and was the reason for
" Déanann daoine go leor dearmad air, ba é fear as an gCorrán in Acaill a thug, is ba chiontaí le, Raidió na Gaeltachta a thabhairt go Contae Mhaigh Eo an chéad lá riamh agus níor tugadh mórán aitheantais dhon fhear a thug ann é.
thug le fios gave the impression
" Foilsíodh gearáin fosta maidir le hairgeadas na tréibhe Attawapiskat a thug le fios go raibh airgead á dhíomailt go ciotach agus go raibh ceannairí an Chéid Náisiúin ag líonadh a bpócaí féin le hairgead a cuireadh ar fáil dóibh.
thug a ráiteas le fios his statement made it known
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
Tugann an fhianaise le fios the evidence shows
" Tugann an fhianaise le fios nach n-athróidh na corparáidí móra seo béasaí as a stuaim féin.
thugtar carr dom le triail a bhaint aisti I’m given a car to try out
" Nuair a thugtar carr dom le triail a bhaint aisti, fágtar agam í ar feadh seachtaine.
Tugtar le fios it’s given to be understood
" Modh Oibre an Oireachtais a Leasú ================ Tugtar le fios sna meáin chumarsáide nach bhfuil sa Seanad ach fóram cainte gan feidhm.
tugadh le fios it was made known
" Ar an 16ú Meitheamh tugadh le fios trí eolas Snowden go raibh dianspiaireacht déanta ag GCHQ (a raibh cead acu an córas PRISM a úsáid) ar chruinniú mullaigh an G20 i 2009 i Londain.
thug aghaidh le fána started downhill
" 15 agus thug aghaidh le fána ar an rothar isteach bóthar Mhionlaigh.
le linn na tréimhse ar a dtugtar during the period called
" Ghlac siad móid *'to uphold King, Country and Constitution*’ agus mar sin de thug said léasadh do lucht stailce le linn na tréimhse ar a dtugtar Red Clydeside.
a thabharfadh le fios which would suggest
" Ní dhéanfadh sé rud ar bith a thabharfadh le fios go raibh sé tugtha do shaol an tsómais, nó go gcaithfeadh sé a chuid ama ar chaithimh aimsire gan mhaith.
nuair a thug sé le fios he said
" Níor cheart glacadh leis an dearcadh diúltach don mhonatóireacht neamhspléach a bhí ag Lorcán Mac Gabhann (Glór na nGael) ag caint ar RnaG nuair a thug sé le fios, nuair a ceistíodh é faoi mhonatóireacht neamhspléach, go mbeadh Glór na nGael ag déanamh meastóireacht ar a chuid oibre féin, go raibh maith agat! Sa lá atá inniu ann, níl sé sin sách maith.
thug le fios go raibh dlúthbhaint informed of the strong connection
" An lá sin, d'fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin.
Níor tugadh le fios it wasn’t stated
" Níor tugadh le fios gurb é an ballnasc croiseach tosaigh a bhí cliste ag Niamh, ach tar éis di scanadh MRI a fháil sa Chlinic Spóirt i Seantrabh, dúradh léi a dháiríre agus a bhí an gortú.
tugann sé le fios dúinn it shows us
" Má dhéanann breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2008 i Louise O’Keeffe vs Leo Hickey, The Minister for Education and Science, Ireland and the Attorney General rud fiúntach ar bith, tugann sé le fios dúinn gur gealltanas bréagach é an gealltanas sin a chur i gcoinne maoiniú creidimh.
a thug le fios which signified
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.
a thug le fios who let it be known
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.