Fobhailte
smaller towns
Fobhailte eile na leithinise iad Abha na Scáil agus Lios Póil laistoir; Caisleán an Ghriaire agus An Clochán lastuaidh; Ceann Trá, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, An Mhuiríoch agus An Fheothanach laistiar.
baile codail
dormitory town
Seacht mbliana ina dhiaidh sin fuair sé 3 bhilliún lira ar iasacht chun an
baile codail Milano 2 a thógáil in aice lena chathair dhúchais.
bardas an bhaile
the town council
Agus 75 páiste ann san iomlán! Is le
bardas an bhaile an naíonra, agus íocann na tuistí táillí de réir a n-ioncaim.
as baile isteach
from out of town, not from there
Dhéanfá cuntas ar dhathanna na bhfear ar mhéara láimhe amháin, is é sin iad uilig ach Pietr arbh
as baile isteach é.
comórtas na mbailte slachtmhara
Tidy Towns Competition
Baile beag an-néata é na Gleanntaí, a bhain craobh na hÉireann i g
comórtas na mbailte slachtmhara cúpla uair agus a bhfuil cúpla céad duine ina gcónaí ann.
i gcroílár an bhaile
in the heart of the town
Tá tábhairne, dhá bhialann, siopa agus stáisiún peitril
i gcroílár an bhaile.
bunadh an bhaile
the people of the town
Tá neart Gaeilge ag
bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
bruachbhaile
suburban town
Chuir siad fáilte romham i gcónaí ina dteach néata i m
bruachbhaile West Derby.
na cathracha cois cósta
the coastal towns
Sa tSeapáin, beidh cuid mhaith de
na cathracha cois cósta faoi uisce, agus cathú ar na Seapánaigh breathnú i dtreo Oileán Sakhalin, an t-oileán atá i seilbh na Rúiseach faoi láthair ach atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin de bharr an taisce mhóir ola agus gáis atá sna farraigí mórthimpeall air.
baile beag iascaireachta
a small fishing town
Céim mhór a bhí ann don fhear óg as Cé na Coille Móire,
baile beag iascaireachta i Loch Garman.
baile geiteo
ghetto town
Cuireadh na Giúdaigh faoi Dhlíthe Nuremberg, ansin ó 1941 seoladh go dtí
baile geiteo darbh ainm Terezín iad, ansin ó Terezín go dtí na campaí díothaithe.
os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh
over the blue-black fjord and town
Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann
os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh.
i mo bhaile dúchais
in my native town
Cinnte, agus cuireann sé seo as do lucht na Gaeilge, ní dhéarfainn gur trí Ghaeilge a bheinn ag tógáil clainne dá mbeinn thíos i gCluain Mealla, mar bheadh sé mínádúrtha agam clann a thógáil le Gaeilge
i mo bhaile dúchais.
bhaile seantán
shanty town
Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó
bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
baile teorann
border town
"Anseo in El Paso,
baile teorann, tá daoine ag labhairt na Spáinnise, fiú nuair a labhraítear leo i mBéarla.
an baile is faide áitrithe
the longest settled town
Scrios spéirling ollmhór Pensacola ina iomláine i 1561, ach cuireadh bunús maith faoi St Augustine (nó San Agustín, mar ab fhearr aithne ar an áit ag an am) agus is í an chathair sin anois
an baile is faide áitrithe sna Stáit Aontaithe.
i bhfoirgintí an bhaile
in the buildings of the town
I ndomhnach, tá an baile féin athraithe a laghad sin gur féidir cuid mhaith poll a rinne airtléire agus gunnaí an chatha a fheiceáil
i bhfoirgintí an bhaile go fóill.
bhí clú agus rath ar an bhaile seo
this town was famous and successful
Ar feadh thart fá mhíle bliain,
bhí clú agus rath ar an bhaile seo.
i gcóngar halla cruinnithe an bhaile
beside the meeting hall of the town
Ach, in 2004, fritheadh fodhlí ó bhaile Pittsfield, Massachusetts, a ritheadh i 1791, ag toirmeasc cluiche darbh ainm “Base-ball”
i gcóngar halla cruinnithe an bhaile.
na bailte beaga tionsclaíocha
the small industrial towns
Go tobann, bhí lucht féachana ag an gcluiche seo taobh amuigh de
na bailte beaga tionsclaíocha inar imríodh é.
an baile ab Éireannaí
the most Irish town
Ba shuimiúil an áit í, ó ba é Paterson
an baile ab Éireannaí i Meiriceá, b'fhéidir, ó lár go deireadh an naoú haois déag.
an baile oidhreachta
the heritage town
Níos aistí fós, ámh, is ea "Colonial Williamsburg",
an baile oidhreachta cúig mhíle ó Jamestown.
baile dúchais
native town, place
Ceird a saolaíodh, a tháinig i méadaíocht agus atá faoi rath i Stáit Aontaithe Mheiriceá,
baile dúchais na ceirde.
ba bhaile ar leith é
it was a separate town
Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois,
ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois.
Athbhunaíodh an baile faoi thalamh,
The underground town was re-established,
*** ***
"Baile faoi thalamh"
Athbhunaíodh an baile faoi thalamh, mar a thugtar air, mar láthair turasóireachta cúig bliana is seachtó ó shin.
nochtadh an chuid eile den bhaile
the rest of the town was uncoved
Cuireadh tús le tochailt seandálaíochta an bhliain ina dhiaidh sin, agus
nochtadh an chuid eile den bhaile a bhí i ndiaidh a bheith clúdaithe faoin talamh ar feadh níos mó ná caoga bliain.
clúdaíodh an baile
the town was covered
Ach ar an 10 Meitheamh 1886, phléasc Tarawera agus
clúdaíodh an baile le scamaill, deatach agus ábhair eile.
bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile
the rest of the population of the town
Cailleadh 153 duine an oíche sin, agus
bhog an chuid eile de dhaonra an bhaile go háiteanna eile.
déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln,
Lincoln becomes the town with the biggest population in the state,
In Nebraska, mar shampla,
déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.
baile beag iascaireachta
a small fishing town
Dúirt Stephen nach raibh i Lìte ach
baile beag iascaireachta ag an am sin.
baile beag ollscoile
little university town
Is cuimhin liom chomh deacair is a bhí sé beoir éagsúil a aimsiú i gcuid mhaith tábhairní Meiriceánacha, fiú i 1994 nuair a tháinig mé go Champaign-Urbana, ar
baile beag ollscoile faoin tuath in Illinois é.
bailte tuaithe
rural towns
Faoi 1960 ba bheag Éireannach a bhí fágtha – bhí siad uilig bogtha amach go dtí
bailte tuaithe taobh amuigh den chathair.
le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
to get the opinion of the people of the town on the case
Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith
le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
dírithe ar ainm an bhaile a athrú
focused on changing the name of the town
Bhí an feachtas
dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
when democracy was limited to the people of the town only
Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den
Daingean
nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
ag bogadach timpeall an bhaile
moving around the town
Bhí sé an-deacair a bheith ag siúl, agus cé go raibh na daoine eile a bhí i mo theannta ar fad rud beag bacach, bhí siad
ag bogadach timpeall an bhaile i bhfad ní ba ghaiste ná mise.
baile an-bheag tuaithe
a very small rural town
Rugadh agus tógadh Bryce in Ilfracombe,
baile an-bheag tuaithe in Queensland.
cearnóg an bhaile
the town square
Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh
cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
Baile na Míle Scairdeán Uisce
Town of the Thousand Water Fountains
Baile na Scairdeán UisceTugtar
Baile na Míle Scairdeán Uisce ar Aix corruair.
príomhbhaile
main town
Bíonn na cluichí seo ar siúl gach bliain san ionad céanna: áit ar a dtugtar The Lump i mBéarla agus atá suite i bPort an Righe,
príomhbhaile an oileáin.
saoirse an bhaile
freedom of the town
Le gairid, agus muid i "dTuaisceart Éireann Úr", moladh gur chóir do Chomhairle Léim an Mhadaidh
saoirse an bhaile a bhronnadh ar an Oirmhinneach Armstrong – ach vótáil Aontachtaithe na Comhairle ina éadan.
Baile galánta
lovely town
Baile galánta is ea é seo ina bhfuil mainistir mhór, áit a dtosaíonn go leor daoine a n-oilithreacht.
scáilbhaile leadránach
a tedious ghost town
Má imíonn daoine amach go dtí na bruachbhailte, fágtar ina ndiaidh
scáilbhaile leadránach.
shráideanna na mbailte móra eile
the streets of the other large towns
Tháinig na sluaite amach ar
shráideanna na mbailte móra eile, Bordeaux, Lille, Orléans agus Roazhon ag éileamh an ruda chéanna agus ag déanamh agóid in aghaidh an dlí L622-1 (Code de l’entrée et du séjour des étrangers).
linn snámha an bhaile
the town's swimming pool
Téann sé ag traenáil chuile lá i
linn snámha an bhaile, áit a gcuireann sé aithne ar gharda tarrthála, Simon.
baile
town
Níl ach mí fágtha go mbeidh na toghcháin áitiúla ar siúl in Éirinn le comhaltaí a roghnú do na comhairlí contae, comhairlí cathrach agus do na comhairlí
baile.
bailte garastúin
garrison towns
Ag fás aníos dom, b’ionann a bheith gaelach agus an ghráin a bheith agat ar an sacar, an cluiche gallda, cluiche na mBlack a’ Tans, an cluiche a imríodh sna
bailte garastúin agus i nDún na nGall! Nuair a bhéaradh na Bráithre Críostaí ar bhuachaill ag imirt sacair ar scoil, bhíodh sé ina míle murdair.
baile mianadóireachta
a mining town
Is
baile mianadóireachta é Coober Pedy, ina gcónaíonn muintir na háite i dtithe a tochlaíodh faoin talamh.
i mbéal an phobail
the talk of the town
Tá ceist na mórshiúlta
i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
lár an bhaile
the town centre
B’éigean an teachtaireacht a chur amach nach raibh fáilte roimh Chaitlicigh i
lár an bhaile Phrotastúnaigh seo.
bhaile dúchais
home town
Bhain sé an Turner Prize i 2004 le scannán faisnéise a rinne sé ar
bhaile dúchais George W Bush in Texas agus ar an imshuí tubaisteach a chuir na póilíní ar an dream a bhain leis an haicme creidimh Davidian i Waco sa stát sin.
bhailte lácha
friendly towns
Agus beidh eachtra acu fosta, in áiteanna éagsúla, i bhfad ó
bhailte lácha.
Bailte an Bhóthair Iarainn
railroad towns
Faoi 1890, bhí 163,000 míle ann!
Bailte an Bhóthair Iarainn
==============
I gcéadleath an 19ú haois, b'iad na canálacha artairí Mheiriceá, ach faoi dheireadh na haoise céanna, ba léir gurbh air na línte traenach a bhíothas ag tógáil na tíre.
is iomaí scáilbhaile
many ghost towns
Ar an dóigh chéanna,
is iomaí scáilbhaile a fheicfeas tú faoin tuath freisin a fágadh in áit na leithphingine nuair a dhún an líne traenach chéanna.
halla an bhaile
town hall
Agus bhí an ceart ar fad aige!
An tráthnóna céanna agus an chéad lá caite againn, tugadh deis dúinn bualadh le cuid eile den lucht saoire ag teacht le cheile beag a eagraíodh i
halla an bhaile.
bhfolcadáin teo an bhaile
the town’s hot baths
Chaith mé an mhaidin ag sciáil ach ar theacht an mheán lae, shocraigh mé féin agus mo bhean chéile an chuid eile den tráthnóna a chaitheamh i
bhfolcadáin teo an bhaile.
Baile Bríomhar
a lively town
Baile Bríomhar
=======
Má tá fobhailte na cathrach ina gciseach, tá cathair iomlán eile le feiceáil sa lár.
tugadh bata agus bóthar don
was run out of town
Ní nach ionadh,
tugadh bata agus bóthar don Dr Brian Crowe, ar iar-Mhinistir lánaimseartha in Eaglais na hÉireann é.
a baile fearann féin
her own town land
Sa mbéaloideas, bíonn tagairt cuid mhór don uilechoiteann, ach sa rud áitiúil, bhí
a baile fearann féin agus a muintir féin.
Bhí bailte ag éirí ón gceo
towns were becoming apparent in the mist
Bhí bailte ag éirí ón gceo nach dtagann mórán cuairteorirí a fhad leo ó cheann ceann na bliana – Llansilin, Meifod, Mallwyd, Llanfyllin.
seoladh a bhaile dhúchais
his home town address
Ansin scríobhann sé seoladh an bhaile ina bhfuil sé ina chónaí agus
seoladh a bhaile dhúchais.
sheanfhondúirí an bhaile
the town’s oldtimers
An lá ar thug mé féin cuairt ar Sibiu, bhí Gearmáinis á labhairt ann ag na turasóirí, agus beirt nó triúr de
sheanfhondúirí an bhaile feistithe go bródúil in éide thraidisiúnta na Sacsan.
bailte fearainn
town lands
Dar le lucht eagair na himeachta, comharthaíonn an 'bazh-eilan' (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus
bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht.
chonaic sé fás an bhaile
it has seen the growth of the town
Finné ar Riasc an Choimheascair
==============
Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair -
chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
bailte ná sráidbhailte
towns and villages
Sa chontae uaibhreach úd is sa chathair is mó a dhéantar an fhéile seo a cheiliúradh, is ní heol dom mórán
bailte ná sráidbhailte Chorcaí a thugann an t-ómós céanna di agus a thugann lucht na cathrach.
baile fearainn
a town land
I mí na Bealtaine 1917 a rugadh Fuller i bhFíonach,
baile fearainn atá tuairim is cúig mhíle ó bhaile Thrá Lí, i Contae Chiarraí.
teach leanna i lár an bhaile
a pub in the middle of town
Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí
teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
sealgairí an bhaile
the town hunters
Bhí seanphictiúir dubh is bán ar na ballaí:
sealgairí an bhaile agus an chreach faoi leathchois acu.
roinnt bailte fearainn misniúla fós
some courageous town lands still
Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh
roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
na bailte fearainn
the town lands
Tugadh aitheantas Ghaeltachta do go leor de
na bailte fearainn ar imeall Chathair na Gaillimhe sa bhliain 1956.
na cathracha agus bailte
the cities and towns
Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar
na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad.
gur bhaile rachmasach
was a rich town
Ba léir
gur bhaile rachmasach a bhí i Liège os cionn céad bliain ó shin nuair a bhí tionscal an ghloine faoi bhláth, agus abhainn mhór an Meuse breac le báid faoi ualach ar na huiscí idir Rotterdam agus Páras.
dhá bhaile oifigí agus airgid
two office and mammon towns
Má tá comparáid le déanamh idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséil –
dhá bhaile oifigí agus airgid – seans gur idir Liège agus Corcaigh atá an dara comparáid le déanamh.
baile fearainn
a town land
An tAthadhlacadh
========
Cuireadh na taisí an lá dár gcionn in Greta,
baile fearainn in aice le Wangaratta, sa reilig chéanna inar cuireadh a mháthair agus a mhuintir.
Is gnách i mórbhailte eile
usually in other large towns
Is gnách i mórbhailte eile, nuair a bhíonn na faisistithe i mbun agóide, go sáinníonn na póilíní le chéile iad, i gcarrchlós nó ina leithéid, agus ní thugtar cead dóibh bogadh as an áit sin, dúirt sé.
baile gar go leor don champas
a town close enough to the campus
Bhíodh fearg orthu gach uair a chloisfidís faoi ionsuithe gunna, go háirithe ionsaí uafásach Newtown,
baile gar go leor don champas chomh maith, inar maraíodh daoine aitheanta acu.
i mbéal an phobail faoi láthair
the talk of the town at present
Tá Breandán
i mbéal an phobail faoi láthair agus comhlacht nua cumarsáide, Measmedia díreach bunaithe aige.
ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin
getting to know my home town
Tugann an rothar saoirse dom fosta dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé
ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.
i mbaile fearainn
in the town land
Tá an teach
i mbaile fearainn Cill Athnaid, taobh thiar den choláiste i nGleann Cholm Cille, agus is maith liom sos a glacadh in aice leis, ar ár mbealach go Gleann Mhálainne, chun insint don scaifte faoin tsraith teilifíse ‘*Murder in Eden*’, a rinne an BBC sa cheantar i 1991 agus atá bunaithe ar an úrscéal ‘Bogmail’, a scríobh Mc Ginley i 1978.
i mórán gach uile bhaile
in almost every town
Tá gréasán maith scoileanna teangan
i mórán gach uile bhaile sa tír a dhéanann an obair theagaisc, rud a chuidíonn le leithéidí Jean-Laurent agus a bhean titim isteach le saol na tíre.
shocraigh póilíní an bhaile
the town's police decided
Roinnt seachtainí dár gcionn,
shocraigh póilíní an bhaile gan Zimmerman a chúiseamh.
bhí pobal gorm an bhaile
the town’s black people were
Más ea, ámh,
bhí pobal gorm an bhaile ag tosú ag agóidíocht agus rinneadh scéal náisiúnta den eachtra.
a bhaile dhúchais féin
his own home town
Ceapadh Pictiúir gan Chead
===========
Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton,
a bhaile dhúchais féin, i 2008.
baile an chinsil
the arrogant town
Is é an feall é, ach istigh eatarthu tá
baile an chinsil, Béal an Mhuirthead, agus bíodh go bhfuil daoine ag saothrú go maith ann anois ar son na teanga seo, thar mar a bhíodh, is mó i bhfad an Béarla as an mBéal céanna ná Gaeilge.
do phríomhchearnóg an bhaile
for the town’s main square
Bronntanas ó na Rúisigh
do phríomhchearnóg an bhaile a bhí ann ach, mar a chuala mé, shocraigh na húdaráis áitiúla dealbh mhór spraoiúil dhearg agus bhán den fhear mór a chuir sa phríomhchearnóg ina áit agus an ceann sollúnta a athshuíomh i bhfoscadh an tséipéil.
Is iomaí baile
many towns
Is iomaí baile a bhfuil líofacht tugtha do sciar suntasach den óige ann de bharr na gaelscolaíochta agus eile.
mbaile fearainn
town land
Fuarthas i ngrean í i
mbaile fearainn Meille, Co.
amach go colbha an bhaile
out to the edge of the town
Tacsaí ón stáisiún i bPoznań
amach go colbha an bhaile.
amadán an bhaile
the town idiot
Níl ann ach
amadán an bhaile a déarfadh a lán daoine leat.
comhartha fearainn
a (town)land mark
Bhí focal aige ar '*landmark*' chomh maith, '
comhartha fearainn'.
ar bhailte fearainn faoin tuath
on the town lands in rural areas
Ach an bhfuil barraíocht comharthaí crochta in airde agus an bhfuil an baol ann go mbainfidh siad ón fhiántas aiceanta atáthar ag iarraidh a chur chun cinn?
Comharthaí eile atá ag déanamh tinnis dom le dornán blianta anuas ná na cinn atá á gcrochadh
ar bhailte fearainn faoin tuath.
a bhaile dúchais
his native town
Bhí an t-amhránaí traidisiúnta Muiris (Mossie) Ó Scanláin tagtha ar ais arís ón Astráil go dtí
a bhaile dúchais, Baile an Lochaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, le déanaí agus an dara dlúthdhiosca, Gan Teorainn, faoina ascaill aige.
bhaile saoire
holiday town
Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar
bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.
na mbailte fearann
of the town lands
Ceistíonnn sé an nósmhaireacht atá Comhairle Chontae na Gaillimhe, gan aitheantas a thabhairt do leaganacha Gaeilge
na mbailte fearann sa Ghaeltacht.
tharla Duais Turner ar an bhaile sin
as the Turner Prize happens to be in town
Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair
tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.