Pota Focal Intergaelic
fán | afan | an | fa | fad
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faitíos fál fala fálaigh fallás falsa faltanas fan fána fánach fanacht fanaile fánaíocht fann faobhar faoi faoileán faoiseamh faoistin faomh faomhadh
♦
fan
VERB
♦
wait
♦
fanann [duine] le [rud]
♦
[somebody] waits for [something]
♦
tá mé fós ag fanacht leis an litir
♦
I am still waiting for the letter
♦
fan liom, le do thoil
♦
wait for me please
♦
fanann [duine] go [rud]
♦
[somebody] waits till [something]
♦
fanfaimid go meán lae
♦
we'll wait till midday
♦
fan go gcríochnóidh mé é seo
♦
wait until I finish this
♦
fan go gcloisfidh tú an scéal
♦
wait till you hear the news
♦
fanann [duine]
♦
[somebody] waits
♦
fan nóiméad!
♦
wait a minute!
♦
fan
VERB
♦
stay
remain
do not change
♦
fan san áit a bhfuil tú
♦
stay where you are
♦
d'fhan mé sa bhaile an lá ar fad
♦
I stayed home the whole day
♦
d'fhan sé tamall ag breathnú ar an seanteach
♦
he stayed a while looking at the old house
♦
ní féidir liom fanacht i mo dhúiseacht
♦
I can't stay awake
♦
fan i do thost, le do thoil
♦
stay quiet please
♦
fan
VERB
SYNONYM: stop
♦
stay
in hotel etc
♦
cá bhfuil tú ag fanacht?
♦
where are you staying?
♦
tá mé ag fanacht in óstán
♦
I am staying in a hotel
♦
bhí mé ag fanacht le mo dheartháir agus mé i mBaile Átha Cliath
♦
I was staying with my brother while I was in Dublin
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
♦
fan
VERB
♦
PAST TENSE
♦
d'fhan
♦
PRESENT TENSE
♦
fanann
♦
FUTURE TENSE
♦
fanfaidh
♦
VERBAL NOUN
♦
fanacht
♦
VERBAL ADJECTIVE
♦
fanta
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
fan amach ó
fan ó
♦
stay out of
stay away from
♦
fanann [duine] (amach) ó [rud]
♦
[somebody] stays away from [something]
♦
d'fhan sé ón ól, b'in é an príomhrud
♦
he stayed away from the drink, that was the main thing
♦
fan amach ón dream sin
♦
stay away from those people
♦
fan ar
♦
stay on
stick to
♦
fanann [duine] ar [rud]
♦
[somebody] sticks to [something]
♦
tá muid ag fanacht ar an straitéis sin
♦
we're continuing with that strategy
♦
fan as
♦
stay out
♦
fanann [duine] as [rud]
♦
[somebody] stays out of [something]
♦
fan as mo bhealach
♦
stay out of my way
♦
fanaim as na díospóireachtaí sin más féidir liom
♦
I stay out of those discussions if I can
♦
b'fhearr fanacht as amharc
♦
it would better to stay out of view
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é fan an 188ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 2,276 focal.
Fan is the 188th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 2,276 words.
BÉARLA ► GAEILGE · ENGLISH ► IRISH
fan → fean »
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
B'fhearr liom fanacht taobh istigh den fhoirgneamh.
♦
I'd rather stay inside the building.
♦
Beidh orainn fanacht go Lá na Cáinaisnéise.
♦
We'll have to wait until Budget Day.
♦
Bhí mé idir dhá chomhairle ar chóir dom fanacht nó imeacht.
♦
I didn't know whether I should stay or go.
♦
D'fhan muid i mbrú.
♦
We stayed in a hostel.
♦
D'fhan muid inár luí ar an trá ar feadh píosa.
♦
We stayed lying on the beach for a while.
♦
D'fhan sé ina shuí.
♦
He remained sitting.
♦
Dá bhfanfainn go maidin...
♦
If I waited till morning...
♦
D'fhan sé i gcónaí dílis dá thír.
♦
He always remained loyal to his country.
♦
Fan go bhfeice mé.
♦
Let me see.
♦
Fan go bhfeice tú!
♦
Wait till you see!
♦
Fan go dtí anocht.
♦
Wait till tonight.
♦
Fan go fóill!
♦
Wait a little!
♦
Fan nóimeád!
♦
Wait a minute!
♦
Má fhanann tú soicind fiafróidh mé de.
♦
If you wait a second I'll ask him.
♦
Ní féidir liom fanacht níos faide.
♦
I can't wait any longer.
♦
Cén áit a bhfuil tú ag fanacht?
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Where are you staying?
♦
D'fhan muid i dteach féinfhreastail.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
We stayed in a self-catering house.
♦
Ar fhan tú i sealla féinfhreastail?
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Did you stay in a self-catering chalet?
♦
Fanaigí nóiméad agus gheobhaidh mé na cóipleabhair dhaoibh.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Wait a minute and I will get the notebooks for you.
♦
Fan nóiméad, le do thoil.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Wait a minute, please.
♦
An féidir leat fanacht nóiméad?
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Can you wait a minute?
♦
An bhféadfá fanacht nóiméad?
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Could you wait a minute?
♦
Ar mhiste leat fanacht nóiméad?
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Would you mind waiting a minute?
♦
Ní bheidh siad ag fanacht in éindí linn.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
They will not be staying with us.
♦
Fan go bhfeice mé - seisear buachaillí agus ceathrar cailíní. An bhfuil an ceart agam?
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
[Looking at a family photo:] Let me see - six boys and four girls. Am I right?
♦
Bhí mé ag fanacht uair an chloig ar thacsaí.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I was waiting for an hour for a taxi.
♦
Fanaim istigh oíche Luain de ghnáth, ag amharc ar an teilifís.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I usually stay in Monday night, watching TV.
♦
fan bomaite!
♦
wait a minute!
♦
D'fhan muintir Mandelbrot ann le linn an chogaidh, agus cónaí orthu i Tulle, baile beag i lár na tíre.
'Beo!', beo.ie
♦
The Mandelbrot family stayed there during the war, living in Tulle, a small town in the middle of the country.
♦
D'fhan an tír go léir faoi dhianslándáil ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin.
'Beo!', beo.ie
♦
The whole country remained under intensive security for a long while after that.
♦
Rinne siad amach fanacht ar an talamh tirim go maidin.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
They decided to stay on dry land till morning.
♦
d'fhan muid i mbrú óige
♦
we stayed in a youth hostel
♦
cá fhad a d'fhan tú sa Fhrainc?
♦
how long did you stay in France?
♦
cén fáth ar fhan tú chomh fada sin?
♦
why did you stay so long?
♦
fan go fóill
♦
wait a while
♦
d'fhan mé i mo luí ar an trá ar feadh laethuaire
♦
I stayed lying on the beach for half an hour
♦
fan go lá pá
♦
wait until pay day
♦
d'fhan muid inár luí ar an trá ar feadh píosa
♦
we stayed laying on the beach for a while
♦
fan go ceann tamaill!
♦
stay for a while!
♦
fan taoibh istigh den fhoirgneamh
♦
stay inside the building
♦
d'fhan fionnuaire éadrom san aer a chuir dinglis ar a craiceann agus faobhar ar a cruthaíocht
Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
a light coolness lingered in the air which tingled her skin and sharpened her creativity