Pota Focal Intergaelic
airm | farm | feirm | film | fir
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhlacht cosmaidí cosmetics firm
" Fógra conspóideach ======= Sa Fhrainc roinnt blianta ó shin chuir an comhlacht cosmaidí Roc feachtas ar siúl chun uachtar a rinne cosc ar cheallailít a dhíol.
dionghbáilte firm
" In áit freagra dionghbáilte dearfach a thabhairt ar an dóigh leis an fhoréigean dílseach a ruaigeadh, dúirt Jeffrey Donaldson go raibh difear idir foréigean náisiúnaíoch agus foréigean dílseach mar go raibh Sinn Féin sa rialtas.
greim an duine bháite a firm hold
" Tá Comharchumann Dhún Chaoin ag iarraidh láthair na huachtarlainne a fháil ó Ghrúpa Chiarraí ach tá greim an duine bháite ag an ngrúpa fíorshaibhir seo ar an láthair agus iad ag iarraidh é a dhíol leis an té is mó a thabharfadh airgead dhóibh.
rún daingean firm purpose
" Cén fáth sin? Mar tá sé ina rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo.
níos doichte more firm
" De bharr go mbaintear oiread úsáide as an charr, bíonn deis ag daoine i bhfad níos mó de shráideacha agus de chomharsanachtaí an cheantair a fheiceáil, rud nach mbeadh amhlaidh in áiteacha mar Brooklyn nó Queens, cuir i gcás, áit a bhfuil na teorainneacha idir comharsanachtaí níos doichte.
seasamh diongbháilte, dobhogtha firm, unyielding stand
" Beidh daoine ag vótáil ar son na bpáirtithe a mbeidh an mhuinín acu a gcuid tuairimí a chur chun cinn san idirbheartaíocht a thiocfas i ndiaidh an toghcháin, agus, mar a tharlaíonn roimh aon idirbheartaíocht, beidh seasamh diongbháilte, dobhogtha ag achan dream.
i ngreim docht daingean in a firm strong grip
" Tá na stáisiúin raidió i ngreim docht daingean ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar mian leo a gcuid ealaíontóirí a bhrú chun cinn.
comhlacht comhairleoireachta consultancy firm
" I Nevada agus in Oregon, tharraing na póilíní na céadta foirm chláraithe vótála a bhain le Daonlathaigh as boscaí bruscair agus táthar ag cur i leith fostaithe de chuid Voter Outreach of America, comhlacht comhairleoireachta de chuid na bPoblachtánach a ligeann air féin gur eagraíocht cearta vótála neamhpháirtíneach é, gur iadsan a chaith sa bhruscar iad.
greim docht daingean a strong firm grip
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
bonn seasmhach firm base
" Tríd is tríd, caithfear fáilte a chur roimh na cinntí seo mar go gcuireann siad bonn seasmhach faoi thábhacht na Gaeltachta mar cheantar luachmhar oidhreachta.
dúshlán daingean firm challenge
" Tá feidhm le cineálacha éagsúla scríbhneoireachta, idir an úrscéalaíocht thraidisiúnta, a chuimseodh in insint sholéite smidiríní na seanchinnteachtaí is dán doiligh dúinn, agus aistí liteartha is intleachtaí ná sin a thabharfadh dúshlán daingean ár dteanga agus ár dtuisceana.
dúshlán daingean firm challenge
" Tá feidhm le cineálacha éagsúla scríbhneoireachta, idir an úrscéalaíocht thraidisiúnta, a chuimseodh in insint sholéite smidiríní na seanchinnteachtaí is dán doiligh dúinn, agus aistí liteartha is intleachtaí ná sin a thabharfadh dúshlán daingean ár dteanga agus ár dtuisceana.
gealladh docht daingean a strong firm promise
" Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.
tuairim dhiongbháilte na bPolannach the Poles' firm belief
" Is é tuairim dhiongbháilte na bPolannach gurbh éagóir fhollasach é seo agus goilleann sé orthu go dtí an lá atá inniu ann.
diongbháilte firm
" ” Tá Nicholas diongbháilte faoin mhéid seo: má fhágann amhránaí nó grúpa an traidisiún ina ndiaidh, ní bheidh áit acu sa Taisce.
gnólacht stocaireachta lobbying firm
" Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group, gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen.
sheas sí an fód she stood firm
" Troid idir an dubh agus an bán a bhí sa troid, dar léi agus sin an fáth gur sheas sí an fód.
sheasann an fód holds firm
" An sóisialaí a sheasann an fód leis an ngnáthdhuine in éadan an chórais.
dlúth firm
" Bush ar Giúdaigh iad a bhfuil nasc dlúth acu le bunaíocht mhíleata Iosrael.
a dhaingne how firm
" Tabharfar vótaí d’iarrthóirí agus gheobhaidh siad suíochán i bParlaimint *Westminster* as siocair a dhaingne is atá siad ar son na haontachta leis an Bhreatain nó a dhaingne is atá siad ar son an ceangal sin a bhriseadh.
seasmhach firm
" Bhí cuma an-bhreá ar Pháirc an Chnoic, an féar gearr mar ba chóir do chluiche iománaíochta, an dromchla mín agus an fód seasmhach.
Ba rún daingean an cleachtas seo this practice was a firm secret
" Ba rún daingean an cleachtas seo ar ndóigh go dtí gur nochtaíodh i dTuarascáil Bhliantúil 2005 an Choimisinéara Teanga nach raibh na rialacha á gcur i bhfeidhm agus nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
daingean firm
" Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí… **Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”** Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
greim chomh docht such a firm grip
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
cé chomh docht how firm
" Is deacair do dhaoine óga na linne seo a thuiscint cé chomh docht a is a bhí an greim ag Eaglais Chaitliceach na hÉireann ar an saol poiblí ó bunaíodh an stát seo beagnach 90 bliain ó shin.
greim docht coinnithe a firm grip kept
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
dhlúthchara firm friend
" Bhí John Howard ina Phríomh-Aire san Astráil um an dtaca a ciontaíodh Hicks agus é ina dhlúthchara le hUachtarán na SAM, George W Bush.
greim dhaingean a firm grip
" Fiafraíonn duine éigin dá chara, “Focail chomh mín chomh cneasta leó cionnus thárlóchadh go mbeadh cealg ionntu?” Cé nár ghlac naimhdeas eitneach Corkery greim dhaingean ar intleacht Niall Tóibín riamh, ní foláir nó go n-oireann ceist seo Corkery leis.
bail cheart, sheasmach proper and firm condition
" Deiseanna stairiúla iad seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a chinntiú go gcuirfí reachtaíocht teangan i bhfóirstean dá fheidhm agus go gcuirfí bail cheart, sheasmach faoi na heagrais atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.
is dlúthchairde iad they’re firm friends
" In ainneoin na hiompairce thuasluaite, is dlúthchairde iad an dá thír nuair a thagann an crú ar an tairne.
dhlúthchairde firm friends
" “Ní bheidh mórán de theacht isteach againn ón mhuirear sin!” Murar Mhiste ===== Ar na buntáistí is mó atá ag an tír i láthair na huaire, seachas muintir na Síne a bheith mar dhlúthchairde againn, tá na hacmhainní nádúrtha is fearr san Eoraip.
srianta daingne firm restraints
" Bhí srianta daingne ar aistriú caipitil (infheistíocht trasteorann, ceannach scaireanna trasteorann, srl.
Tá sé ina rún daingean it’s a firm secret
" Tá sé ina rún daingean agus níl cead againn é a fhógairt.
greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais a firm grip of your hair or your ear
" Thug na sagairt *"Cannibal Island"* ar an Chreagán agus thógadh siad thú amach as do shuíochán le greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais.
is daingne most firm
" Is é an rún is doichte agus is daingne agus is dobhriste a dhéanfaidh Balor i mbliana, a léitheoirí, ná… bhuel, tá sé cineál diúltach seachas deimhneach mar rún.
a fuair greim docht ar aigne na hÉireann which took a firm grip on the Irish psyche
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
de réir na gcoinníollacha dochta daingne according to the firm set in rock conditions
" Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin.
bhfuil dlúthbhaint idir there’s a firm connection
" Déanann sé dochar mar measann Protastúnaigh go bhfuil dlúthbhaint idir an teanga agus poblachtachas, dar léi, ach glacann sí leis go bhfuil an ceart ag poblachtachas an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ba chuma léi gur dhlúthchara she didn’t mind the fact that he was a firm friend
" Ba chuma léi gur dhlúthchara agus gur phríomhchomhairleoir ag Edward Heath é Armstrong ó 1970-74.
salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus opposes the firm opinion of the ordinary folk here
" Is dóigh liom go dtagann cinneadh Abbott salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus gur tír í an Astráil ina bhfuil sochaí chothromaíoch gan aon aicmíocht bainte amach acu.
an fód a sheasamh holding firm
" Is fiú an cath a throid go fóill agus an fód a sheasamh.
ghríosadh le seasamh níos daingne a thógáil encourage (the C. F. community) taking a more firm stand
" Tá an chuma air go bhféadfadh an comóradh ar Oireachtas ’74 pobal Chois Fharraige a ghríosadh le seasamh níos daingne a thógáil in aghaidh an mheath ar an nGaeilge atá ag tarlú sa gceantar ó shoin i leith.