Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gabhdán gabhlóg gach gadaí gadaíocht gadhar Gaeilg Gaeilge Gaeilgeoir Gael Gaelach Gaelainn Gaeltacht gág gailearaí gaineamh gaineamhchloch gáir gairbhéal gairdín gáire
♦
Gaeilge
FEMININE NOUN
♦
Irish
language
In spoken Irish the language is called Gaeilg in Ulster, Gaeilge in Connacht and Gaelainn in Munster. It is the Connacht version which is most widely known, and usually adopted by learners of Irish as the name of the language.
To say that something is in Irish we have two options: i nGaeilge (literally 'in Irish') and as Gaeilge (literally 'out of Irish'). The former is used more widely. The latter is only used in Munster dialects and only refers to spoken language: labhraítear as Gaeilge one speaks 'out of Irish' but scríobhtar i nGaeilge one writes 'in Irish'.
♦
tá mé ag foghlaim Gaeilge
♦
I am learning Irish
♦
an bhfuil Gaeilge agat?
♦
do you speak Irish?
♦
an bhfuil an Ghaeilge deacair, dar leat?
♦
is Irish hard, in your opinion?
♦
pobal na Gaeilge
♦
the Irish-language community
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
♦
Gaeilge
FEMININE NOUN
♦
GENITIVE SINGULAR
♦
Gaeilge
♦
NOMINATVE PLURAL
♦
Gaeilgí
♦
GENITIVE PLURAL
♦
Gaeilgí
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é Gaeilge an 55ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 656 focal.
Gaeilge is the 55th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 656 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
athbheochan na Gaeilge
♦
the Irish language revival
♦
ba cheart Gaeilge mhaith a bheith ag an té atá ag iarraidh poist ar Raidió na Gaeltachta
♦
anybody looking for a job in Raidió na Gaeltachta should speak good Irish
♦
ba cheart go mbeadh Gaeilge mhaith ag an té a chaith an oiread sin ama sa Ghaeltacht
♦
anybody who spent so much time in the Gaeltacht should speak good Irish
♦
ba chóir Gaeilge mhaith a bheith ag an té atá ag iarraidh poist ar Raidió na Gaeltachta
♦
anybody looking for a job in Raidió na Gaeltachta should speak good Irish
♦
ba chóir go mbeadh Gaeilge mhaith ag an té a chaith an oiread sin ama sa Ghaeltacht
♦
anybody who spent so much time in the Gaeltacht should speak good Irish
♦
Abair i nGaeilge é.
♦
Say it in Irish.
♦
An bhfuil an Ghaeilge deacair, dar leat?
♦
Is Irish difficult, in your opinion?
♦
Tá an-Ghaeilge aici.
♦
She speaks excellent Irish.
♦
tá beagán Gaeilge agam
♦
I speak a little Irish
♦
Bíonn nuacht as Gaeilge le fáil ar an raidió.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Irish language news is available on the radio.
♦
Tá Gaeilge agus Béarla líofa agam.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
I am fluent in Irish and English.
♦
Tá blas Chonamara ar do chuid Gaeilge.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Your Irish has a Connemara accent.
♦
Ach má tá tú ag iarraidh geansaí le cochall a cheannacht le rud eicínt scríofa i nGaeilge air, is é An Spailpín Fánach an áit is fearr le dul ag siopadóireacht.
Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
But if you are attempting to buy a pullover with a hood with something written in Irish on it, An Spailpín Fánach is the best place to go shopping.
♦
Chuir said ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge.
'Beo!', beo.ie
♦
They gave the Irish-language community something to read.
♦
Ach tá na blaganna Gaeilge ar fiú iad a léamh tearc go maith.
'Beo!', beo.ie
♦
But the blogs that are worth reading are few and far between.
♦
An chúis is mó go bhfuil meath tagtha ar bhlaganna na Gaeilge ná...
'Beo!', beo.ie
♦
The biggest reason why Irish-language blogs have started declining is...
♦
D'aistríos an t-eolas go Gaeilge di.
'Beo!', beo.ie
♦
I translated the information into Irish for her.
♦
cár fhoghlaim tú do chuid Gaeilge?
♦
where did you learn your Irish?
♦
tá bileog as Gaeilge le fáil ach í a iarraidh
♦
a leaflet in Irish is available on request
♦
caithfidh Gaeilge mhaith a bheith agat le post a fháil ar Raidió na Gaeltachta
♦
you must speak good Irish to get a job in Raidió na Gaeltachta
♦
caithfidh go bhfuil Gaeilge mhaith agat nuair a fuair tú post ar Raidió na Gaeltachta
♦
you must speak good Irish if you got a job in Raidió na Gaeltachta
♦
foghlaimeoirí fásta Gaeilge
♦
adult learners of Irish
♦
tá an Ghaeilge fite fuaite i stair na tíre
♦
the Irish language is intertwined with the history of the country
♦
is fiú an Ghaeilge a fhoghlaim
♦
it is worthwhile to learn Irish
♦
foclóir Gaeilge-Béarla
♦
an Irish-English dictionary
♦
foghlaimeoir na Gaeilge
♦
a learner of Irish
♦
an bhfuil Gaeilge ag gach duine anseo?
♦
does everybody here speak Irish?
♦
gluaiseacht na Gaeilge
♦
the Irish-language movement
♦
tá claonadh ann Béarla a aistriú go díreach go Gaeilge
♦
there is a tendency to translate English directly into Irish
♦
scríobh Pádraig graiméar Gaeilge
♦
Patrick wrote an Irish grammar
♦
dearcadh an phobail i leith na Gaeilge
♦
the public's attitude to Irish
♦
tá sé go hiomlán i nGaeilge
♦
it is completely in Irish
♦
leagan Gaeilge den fhoirm
♦
an Irish version of the form
♦
tá Gaeilge líofa agam
♦
I speak Irish fluently
♦
líofacht sa Ghaeilge
♦
fluency in Irish
♦
daoine a bhfuil Gaeilge acu, mar shampla tusa agus mise
♦
people who speak Irish, for example you and me
♦
teagasc trí mheán na Gaeilge
♦
teaching through the medium of Irish
♦
ba mhór cúis na Gaeilge le m'athair
♦
the Irish-language cause was very dear to my father
♦
níl mórán Gaeilge agam
♦
I don't speak much Irish
♦
i nGaeilge amháin a bheidh an fhoireann ag plé le gach gnó
♦
the team will deal with every business in Irish only
♦
tá sise an-ghníomhach i bpobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath
♦
she is very active in the Irish-language community in Dublin
♦
rang Gaeilge
♦
an Irish class
♦
ba í Gaeilge seachas Béarla an teanga a labhair siad
♦
the language they spoke was Irish and not English
♦
céard a thug ort an Ghaeilge a fhoghlaim?
♦
what made you want to learn Irish?
♦
tá an Ghaeilge ar mo thoil agam
♦
I speak Irish perfectly
♦
tá an téacs ar fad i nGaeilge
♦
all the text is in Irish
♦
bíonn tús áite ag an Ghaeilge i gcónaí
♦
the Irish language always has prirority
♦
an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge
♦
the Commission for the Revival of Irish
♦
bhí an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga rúnda
♦
they were using Irish as a secret language
♦
an mbaineann tú úsáid as an Ghaeilge i do shaol laethúil?
♦
do you use Irish in your daily life?
♦
ceist na Gaeilge
♦
the Irish-language question
♦
is cainteoir dúchais Gaeilge é
♦
he is a native Irish speaker
♦
níl an Ghaeilge ar a comhairle féin aici
♦
she does not have a good command of Irish
♦
rinne siad iarracht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga
♦
they tried promoting the use of Irish among young people
♦
cúrsa Gaeilge
♦
an Irish course
♦
an bhfuil an Ghaeilge deacair, dar leat?
♦
is Irish dificult, in your opinion?
♦
Gaeilge amháin a labhraítear anseo
♦
only Irish is spoken here
♦
an bhfuil an Ghaeilge deacair?
♦
is Irish difficult?
♦
an bhfuil Gaeilge mhaith agat?
♦
can you speak Irish well?
♦
tá an Ghaeilge éasca
♦
Irish is easy