Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aeróstach áfach Afracach ag aga agair agallamh aghaidh agóid aguisín agus áibhéil aibhinne áibhirseoir aibhléis aibhsigh aibí aibigh aibítir Aibreán aibreog
♦
aghaidh
FEMININE NOUN
SYNONYM: éadan
♦
face
♦
aghaidh na mná
♦
the woman's face
♦
las aghaidh an pháiste le háthas
♦
the child's face lit up with joy
♦
bhris meangadh gáire amach ar aghaidh an fháilteora
♦
a smile broke out on the receptionist's face
♦
bhí slua mór daoine bailithe timpeall an tí agus dreach an bhróin ar a n-aghaidh
♦
a large crowd of people was gathered around the house with looks of sadness on their faces
♦
tháinig dreach imníoch ar aghaidh na máthar
♦
mother started looking worried
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
♦
aghaidh
FEMININE NOUN
♦
GENITIVE SINGULAR
♦
aghaidhe
♦
NOMINATVE PLURAL
♦
aghaidheanna
♦
GENITIVE PLURAL
♦
aghaidheanna
Iontrálacha gaolmhara
Related entries
♦
in aghaidh
SYNONYM: i gcoinne
SYNONYM: in éadan
♦
against
♦
in aghaidh [ruda]
♦
against [something]
♦
rinne siad in aghaidh mo thola é
♦
they did it against my will
♦
bím ag rothaíocht in aghaidh na gaoithe i gcónaí
♦
I'm always biking against the wind
♦
tá mise in aghaidh an rúin
♦
I am against the motion
♦
bhrúigh an fear a shrón in aghaidh na fuinneoige agus rinne straois
Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
the man pushed his face against the window and made a grimace
♦
níorbh é Milosevic amháin faoi ndear gach coir in aghaidh na daonnachta a tharla tráth titim as a chéile don Iúgslaiv
♦
Milosevic was not solely responsible for every crime against humanity that happened while Yugoslavia was falling apart
♦
níorbh fhada gur thosaigh feachtais in aghaidh na sclábhaíochta
♦
it wasn't long until anti-slavery campaigns started
♦
faoi 1865 bhí úinéaracht daoine in aghaidh an dlí in gach ceann de na Stáit Aontaithe
♦
by 1865, owning people was against the law in each of the United States
♦
in aghaidh
♦
per
♦
[X] in aghaidh [Y]
♦
[X] per [Y]
♦
seacht lá in aghaidh na seachtaine
♦
seven days a week
♦
trí huaire in aghaidh an lae
♦
three times a day
♦
le haghaidh
♦
for
♦
le haghaidh [ruda]
♦
for [something]
♦
chuaigh mé faoi agallamh le haghaidh poist
♦
I went for a job interview
♦
cé acu bealach a roghnófá le haghaidh an líne traenach nua?
♦
which route would you choose for the new train line?
♦
foclóir le haghaidh foghlaimeoirí
♦
dictionary for learners
♦
d'ith mé pónairí le haghaidh bricfeasta
♦
I ate beans for breakfast
♦
d'ullmhaigh sé le haghaidh an turais
♦
he prepared for the journey
♦
ar mhaith leat teacht le haghaidh dinnéir liom?
♦
would you like to come to dinner with me tonight?
♦
ar aghaidh
OPPOSITE: ar ais
♦
forward
ahead
♦
cuir an téip ar aghaidh
♦
wind the tape forward
♦
ar aghaidh leat!
♦
go on!
♦
téigh díreach ar aghaidh agus tiontaigh ar chlé
♦
go straight ahead and turn left
♦
tá sí díreach ar aghaidh
♦
it is straight ahead
♦
gabh ar d'aghaidh, bí i do shuí
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
come on in, sit down
♦
lean ar aghaidh
♦
continue
go straight on
♦
lean ar aghaidh go dtí an crosbhóthar agus tiontaigh ar chlé
♦
keep going to the crossroads and turn left
♦
an bhfuil sé i gceist agat leanúint ar aghaidh?
♦
do you mean to carry on?
♦
má leanann tú ar aghaidh mar sin, beidh tú marbh faoi 50
♦
if you continue like that, you will be dead by 50
♦
bhí cruiniú ar siúl ar maidin agus lean muid ar aghaidh go dtí an teach tábhairne um thráthnóna
♦
there was a meeting in the morning and we continued to the pub in the evening
♦
lean siad ar aghaidh ag spiaireacht
♦
they continued spying
♦
ar aghaidh
♦
opposite
♦
ar aghaidh [ruda]
♦
across [something]
opposite [something]
♦
tá an caife ar aghaidh na leabharlainne
♦
the café is opposite the library
♦
tabhair aghaidh
♦
set out
head
♦
tugann [duine] aghaidh ar [áit]
♦
[somebody] sets out for [somewhere]
[somebody] heads for [somewhere]
♦
chaith sé seal i bPáras sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá
♦
he spent some time in Paris before he headed to America
♦
...sular thug siad aghaidh ar a dtithe murtallacha sna bruachbhailte
Alex Hijmans: Aiséirí, Cois Life 2011
♦
...before they went to their dull houses in the suburbs
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é aghaidh an 103ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 1,327 focal.
Aghaidh is the 103th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 1,327 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
cé acu bealach a roghnófá le haghaidh an líne traenach nua?
♦
which route would you choose for the new train line?
♦
Tá an caifé ar aghaidh na leabharlainne.
♦
The café is opposite the library.
♦
Tosaíonn sí ag obair ag 7.30 ar maidin agus críochnaíonn sí ag 11.00 istoíche seacht lá in aghaidh na seachtaine.
'Beo!', beo.ie
♦
She starts working at 7.30 in the morning and finishes at 11.00 at night seven days a week.
♦
Dúirt mé le mo chomharsa ar an eitleán go mbeinn ag tógáil bus ar aghaidh go dtí mo cheann cúrsa.
'Beo!', beo.ie
♦
I told my neighbour on the plane that I would then be taking the bus to my destination.
♦
Gabh ar d'aghaidh. Bí i do shuí.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
Come on in. Sit down.
♦
in aghaidh an rúin
♦
against the motion
♦
bhí cruinniú ar siúl ar maidin agus lean muid ar aghaidh go dtí an teach tábhairne um thráthnóna
♦
there was a meeting in the morning and we continued to the pub in the evening
♦
chruthaigh sé íomhá nua-aimseartha don le haghaidh an chomhlachta
♦
he created a modern image for the company
♦
téigh díreach ar aghaidh agus tiontaigh ar chlé
♦
go straight on and turn left
♦
d'eagraigh siad léirsiú sráide in aghaidh an ciníochais
♦
they organized a street demonstration against racism