Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ambasáid amchlár amchrios amh amhábhar amhail amháin amharc amharclann amhlaidh amhrán amhránaí amhránaíocht amhras amuigh an an- anabaí anachain anáil anailís
amharc
VERB
SYNONYM: féach
watch
look
amharc ar [rud]
watch [something]
look at [something]
ar mhaith leat amharc ar an teilifís?
would you like to watch television?
amharc
MASCULINE NOUN
SYNONYM: radharc
view
look
sight
Foirmeacha gramadaí
Grammatical forms
amharc
VERB
PAST TENSE
amharc
PRESENT TENSE
amharcann
FUTURE TENSE
amharcfaidh
VERBAL NOUN
amharc
VERBAL ADJECTIVE
amharctha
amharc
MASCULINE NOUN
GENITIVE SINGULAR
amhairc
NOMINATVE PLURAL
amhairc
GENITIVE PLURAL
amharc
STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é amharc an 547ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 6,228 focal.
Amharc is the 547th most frequently used word in Irish. It occurs once in every 6,228 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
b'fhearr fanacht as amharc
it would better to stay out of view
bhí ag amharc thart
I was looking around
An mbíonn an t-am agat le bheith ag amharc ar an teilifís ar chor ar bith?
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
Do you have any time to watch TV at all?
Bím ag amharc ar an teilifís go deireanach san oíche.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
I watch TV till late at night.
Fanaim istigh oíche Luain de ghnáth, ag amharc ar an teilifís.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
I usually stay in Monday night, watching TV.
Bím ag amharc ar an teilifís. Bím ag scimeáil ar an idirlíon chomh maith.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
I watch TV. I surf the internet as well.
Go minic faigheann muid físeán ar cíos agus amharcann muid air oíche Shathairn.
Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
Often, we rent a video and watch it Saturday night.
D'amharc orm agus dreach brónach air.
He looked at me with a sad expression.
Ar ndóigh bhí cuid acu chomh leamh le bheith ag amharc ar mhúscán gorm ag fás ar phíosa aráin.
'Beo!', beo.ie
Of course, some of them were as boring as watching blue mould growing on a piece of bread.
Ar a dhul isteach go teach na scoile d'amharc go scaollmhar ar gach taobh de.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
Upon entering the schoolhouse he looked around him in panic.
Ba cheart amharc go géar ar an chonradh arís.
The contract should be looked at closely again.
D'amharc ar an tachrán ar ghreim láimhe léi.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
He looked at the kid she was leading by the hand.
D'amharc go scaollmhar scáfar ina thimpeall.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
He looked around with scare and panic.
Ba é sin an t-amharc deireanach a fuair orthu.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
That was the last I saw of them.
Solais loinnireacha gheala a bhainfeadh an t-amharc as an tsúil agat.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
Bright shining lights that would blinden you.
Plátaí airgid a bhainfeadh an t-amharc as an tsúil agat.
Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
Plates of gold that would make you blind.