Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
déileáil deir díbir díol dírigh diúltaigh dóigh doirt druid dúisigh dún éalaigh éiligh éirigh éist fág faigh fair fáisc fan fás
doirt
01 A 01
pour
N1
AGS
N2
MOT
A
DIR
isteach, síos
P1
DIR
i, ar
Semantic Class: ACT
Chaithfí an bóthar a scuabadh thar cionn agus ansin dhoirtfí tearra air CC: SP-8-07-18
Ní mór dhuit a dhul agus tuairim's trí ghloine fuisce a dhoirteadh isteach sa soitheach CC: LC-4-02-58
Doirteann siad síos ansin an luaidhe leáite. CNG: Peadar Ó Concheanainn
Thóigeadh siad an ola de bharr an phota agus dhoirteadh siad síos i soitheach na hola í. CNG: Peadar Ó Concheanainn
02
pour, throw
N1
AGS
N2
MOT
A
DIR
ar, i
P1
DIR
isteach, síos, anuas, amach
Semantic Class: ACT
Ansin a dhoirtfeá na fataí léir mar a bheifeá dhá bpiocadh is léir mar a bheidís dhá mbaint. CC: TM-2-04-17
Agus ansin caithfidh tú do chuid eorna a dhoirteadh ar an tuí sin. CC: RM-3-10-14
Chuaigh muid isteach ar chúl an chlaí, tairníodh amach an mála mór dubh, doirtíodh amach na puint, chúig phuint agus deich bpuint, agus bhí riar maith comharta nuair a d'airigh muid an torann ag teacht. CC: SP-6-03-16
Tá tú toilteanach do shíol a dhoirteadh ar an talamh CNG: Mícheál Ua Ciarmhaic
03
spill
N1
EXP
N2
MOT
Semantic Class: ACT
Níl aon mhaith sa mbó ó dhoirtfeas sí an bainne. CC: MI-5-02-20
Bhí mise ansin cosúil le gandal ar leacoighre ag iarraidh fanacht i mo sheasamh agus gan mo dheoch a dhóirteadh. CNG: Colm Ó Ceallaigh – S
Ba mhó a bhí dóirthe agam ná a bhí sna gloineacha nuair a bhí mé abhus leo CNG: Colm Ó Ceallaigh – S
B 01
spill, pour, rain
N2
(MOT)
báisteach
Semantic Class: ACT
Tháinig sé ina dhoirteadh báistí an oíche seo. CC: SP-3-03-20
Agus creid é nó ná creid tá sé ag dóirteadh báistí CNG: Colm Dubh Ó Méalóid
Tá an gála lagtha anois ach tá sé ag dóirteadh i gcónaí. CNG: Colm Dubh Ó Méalóid
02
cur, sil, spill, shed
N1
EXP
N2
MOT
allas
Semantic Class: ACT
Má tá páí mhór i Sasana, agus airgead mór le saothrú ann, níl mé ag rá nach gcaithfidh tú allas a dhoirteadh air. CC: TM2-12-04-10
Ansin shéid an máistir an fheadóg agus chrom orthu ag tarraingt arís go faobhrach fabhrach, an t-allas á gcaochadh agus ag doirteadh leo ar nós na báistí. CNG: Peadar Ó Concheanainn
03
spill, shed
N1
(AGS)
N2
MOT
fuil
Semantic Class: ACT
Agus an mbíodh fuil ar bith dhá doirteadh? CC: SP-3-04-05
Is rian dóchais é go bhfuil daoine thall is abhus bréan den doirteadh fola agus den caismirt. CNG: Oghma
Sé mo ghuí go dtiocfaidh an lá nuair a stopfar an dortadh fola CNG: Colm Ó Ceallaigh – S
Tá sé cosúil le fear a mbeadh fuil doirte aige. CNG: Seosamh Mac Grianna