Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síl sín siúil siúl snámh socraigh stop suigh tabhair tag taispeáin taitnigh tar tarlaigh tarraing teastaigh téigh tit tóg tóraigh tosaigh
suigh
01 A 01
sit
N1
AGS
"Bhoil" adeir sé, "nuair a imeos an chéad duine as Ifreann" adeir sé, "is féidir leis fear a chur ina áit. D'imigh seisean amach arís. "Anois" adeir sí, "bí in do shuí. CC: SP4-08-08
Diabhal teach sa mbaile roimhe seo nach bhfeicfeá seanfhear ann sa gclúid, ina shuí. CC: TM10-07-11
02
sit
N1
AGS
Adj
MOD
socair
Anois, tá tú i do shuí socair mura bhfuil tú ag caint leis an duine atá le do thaobh nó rud éigin mar sin. CC: MI4-04-01
03.1
sit
N1
AGS
A
LOC
ann, ansin. ansiúd
Ní raibh a fhios agam beirthe ná beo cén fáth é ag suí ann, ach cheap mé, gur lagar a bhí air nó rud éigin. CC: SP-1-12-05
Agus, d'úirt m'athair ar chaoi ar bith, bhí sé ina shuí ansiúd, "M'anam go mb'fhéidir a Choilm go mbeadh sé ag súil soir leat anois." CC: CR3-10-13
03.2
sit
N1
AGS
A
LOC
chun tosaigh, in ucht
Agus dhá suífeá chun tosaigh, (nó) amuigh air chun tosaigh, go mb'fhéidir go mbrisfeadh sé fút. CC: FO-7-15-07
Agus, beidh píosa beag cogarnaíl sa ngealach agaibh ina suí síos nó í ina suí in t'ucht b'fhéidir. CC: MI-3-09-09
Agus bhí mé i mo shuí taobh thoir agus taobh thiar a bhí mé agus bhí a fhios agam go maith go raibh rud éigin orm. CC: MI7-11-06
03.3
sit
N1
AGS
A
DIR/MOD
timpeall
Suífidh siad timpeall, agus beidh siad ag caint agus ag inseacht scéalta, is ag inseacht bhréaga. CC: MI-3-06-07
03.4
sit
N1
AGS
P1
LOC
ag: tine, bord
Ach an oíche seo ar chaoi ar bith bhí sí ina suí chos na tine, agus, bhí siúinéara ag obair ag an teach mór, agus bhí sé ina shuí é féin ag an tine. CC: FO7-08-13
Bhoil, thugtaí sa seomra ansin í ansin, agus, bheadh muigíní breá tae le cúl a chéile ansin, ní raibh aon chárta ag teastáil uait cén áit a suífeá ag an mbord, ná ní raibh aon chall duit de réir an tsoiscéil ach an oiread gan suí ar an áit ab airde, ach á CC: TM1-1-06-17
03.5
sit
N1
AGS
P1
LOC
cois: tine, teallach, claí
Ach an oíche seo ar chaoi ar bith bhí sí ina suí chos na tine, agus, bhí siúinéara ag obair ag an teach mór, agus bhí sé ina shuí é féin ag an tine. CC: FO-7-08-13
Agus bhí muid ina suí chois an teallaigh, agus tagann spideoig isteach an doras. CC: SP-5-04-02
Agus, níor mhórán achair, a bhí muid ina suí chois claí, nuair a chonaic mé féin an beithíoch seo, ag tíocht trasna garraí orm. CC: LM-2-09-01
04.1
sit
N1
AGS
A
DIR
síos
S1
(ACT)
Svn
Ach nuair a thagadh sé abhaile agus an páipéar aige pé ar bith cén áit a bhí a chlann ag obair théadh sé go dtí iad agus an páipéar aige. Chuireadh sé duine acu ina shuí síos ansin, ag léamh an pháipéir dhó. CC: TM8-07-13
Agus bheadh na daoiní óga ansin ina suí síos ag éisteacht leo. CC: FO-2-07-01
Bhí Coilmín ina shuí síos an duine bocht, ag ceol bhinn dhó féin agus é ag baint greim amach, CC: CR4-10-12
04.2
sit
N1
AGS
A
DIR
isteach
P1
ACT
ag: [béilí]
M'anam fair play do mhac Hughy, go raibh sé in ann suí isteach a dheartháir, ag feed fataí agus fair play do Sheáinín Beag, mura raibh sé féin in ann suí isteach ag feed fataí. CC: TM1-3-01-14
B 01
sit down
N1
AGS
A
(DIR)
síos
P1
LOC
ag: tine, bord
Bhoil nuair a d'ól mé cupán den tae, níor ith mé tada, bhí an faitíos céadtach orm, bhoil, shuigh mé ag an tine. CC: SP-9-05-09
Níl ann anois ach nuair a thiocfaidh siad ón scoil, suí síos ansin ag an mbord agus a dhul ag déanamh a gcuid ceachta. CC: FO-2-10-02
02
sit down
N1
AGS
A
DIR
síos
P1
LOC
ar: cathaoir, cloch
Shuigh sé síos ar an gcathaoir lena taobh. CC: LC-7-02-09
Ach, bhí ocras orm féin agus gan aon airgead agam, agus shuigh mé síos ar an gcloich chorr nó ar an kerbstone mar a thugann siad air. CC: SP-1-12-05
03
sit down
N1
AGS
A
DIR
síos
P1
LOC
i: bád
Shuigh sé síos sa mbád ag breathnú ar an bhfear agus an fear os cionn an bháid, gan cloigeann ar bith ach anuas ón dá ghualainn. CC: LC-6-06-07
04
sit down
N1
AGS
A
DIR
síos
P1
LOC
i: cathaoir
Chuir sé ina shuí síos sa gcathaoir é rinne sé comhartha leis suí síos sa gcathaoir is shuigh. CC: RM-7-05-06
'Siúd é an áit nach mbeadh aon stró ort suí isteach ar do shóín só mar a shuífeá in do chathaoir bhog nós í sin, agus do chois a chur go clár... CC: RL-2-07-06
C 01
sit in, get in
N1
AGS
A
DIR
isteach
P1
DIR
i: carr
Ach chuir mé sa gcarr é buíochas le Dia mar sin féin, agus shuigh mé isteach inti. CC: LC-4-02-65
02
sit
N1
AGS
A
DIR
suas
P1
LOC
ar: cóiste
Agus shuigh sé suas ar an gcóiste arís agus thug sé leis é gur fhágaigh sé ag an gcloch chéanna é. CC: RM-7-02-20
D 01.1
sit, take rest
N1
AGS
A
DIR
síos
I nDomhnach ní fhéadfaidh sé suí síos, i gcaitheamh an lae. CC: TM2-10-02-40
01.2
take rest
N1
AGS
A
DIR
síos
Ní fhéadfaidís suí síos ar chor ar bith, ach an tornóg a choinneál ag imeacht. CC: LC-6-01-09
Bhoil, ó éireos mé ar maidin go dtiocfaidh mé a chodladh, ní dhéanaim mórán suí síos. CC: FO-1-18-01
01.3
take rest
N1
AGS
A
DIR
isteach
P1
TER?
ar: sóín só
'Siúd é an áit nach mbeadh aon stró ort suí isteach ar do shóín só mar a shuífeá in do chathaoir bhog nós í sin, agus do chois a chur go clár, tá mise ag rá leat go mbeadh...P CC: RL-2-07-06
02.1
be idle
N1
AGS
A
DIR
síos
Ach, tá na daoine ag caitheamh go leor am ag ól pórtair agus ina suí síos. CC: TM2-11-16-04
02.2
be idle
N1
AGS
P1
MOD
ar: compórt
Go mba suaimhní go mór a bhí sé ag maireachtáil mar a bhí sé, gan bean gan duine ar bith, ach ina shuí ar a chompóirt ansin. CC: RL4-13-11
03
settle down
N1
AGS
A
DIR
síos
M'anam go mb'fhéidir go mb'fhearr do na cailíní sin buachaill óg a fháil sa mbaile agus suí síos agus bualadh faoin saol, ná imeacht anonn go Sasana agus b'fhéidir an leaid sin imeacht uaithi nuair a bheadh sé leathbhliain pósta léi ag... CC: RL-2-10-05
E 01
wait
N1
AGS
Níor choinnigh mise ina suí iad ach chuaigh mé isteach... CC: MI-5-04-04
F 01
sit
N1
AGS
P1
ASS
i: parlaimint
Agus, bhí an mac ansin an dtuigeann tú nuair a bhí sé ocht mbliana déag bhí sé ag dul suí i bParlament, an dtuigeann tú. CC: RM-2-02-14
02 A 01
place, position
N1
(AGS)
A
(DIR)
síos
P1
LOC
ar
Adj
(MOD)
ceart
Suite síos ceart ar an rud, shnáimh sí sin amach agus bháigh na tonntacha í, agus chinn sé air í a fháil ariamh. CC: FO-4-01-02
02
position
N2
MOT?
P1
LOC
áit
Is fada ón Áith Linn í, ach, pé ar bith cén áit a bhfuil sí suite, 'siúd é an chaoi a raibh an scéal agus an chaoi a mbeadh an scéal. CC: TM2-8-05-04
Ach mar sin féin, ní féidir liom a chreistiúint go bhfuil sé suite san áit cheart, san áit a bhfuil tigh Pháidín seo. CC: SP-5-03-08
B 01
reside, live
N1
AGS
P1
LOC
i: baile
'Sin é an fáth, gur fhan an t-ainm ar an mbaile a bhfuil tú in do shuí anois ann. Tugtar Baile an Tí Mhóir air. CC: TM5-03-01
03 A 01
get up
N1
AGS
A
DIR
suas
D'úirt mé féin leis suí suas, is d'fhiafraigh muid dhó an dtáinig sé i bhfad. CC: SP-7-04-03
Agus d'úirt sé leis suí suas. CC: RM-7-02-17
Ach shuigh sé suas. CC: SP-7-04-04
B 01
get up
N1
AGS
P1
ag: [am]
Bhoil, bímse i mo shuí ionann's 'chuile mhaidin anois ag a sé a chlog ar maidin. CC: LC1-01-02
Ach bíonn sé sin ina shuí ag a leathuair tar éis a hocht agus tiocfaidh sé ag seoladh na mbeithígh dhomsa, chaoi nach mbeidh mórán obair le déanamh agam. CC: FO1-18-01
Bheadh Júidín ina suí an t-am sin. CC: LC-1-20-01
02
get up
N1
AGS
A
TEM
in am
Shíl mé féin nach raibh dochar ann, ach, bhí mé ag cur mo chuid ama amú, agus rinne mé dearmad uiliug, gur cheart dom breathnú amach dhom féin, agus a bheith i mo chodladh in am agus i mo shuí in am ar maidin. CC: SP1-02-01
03
get up, wake
N1
AGS
P1
roimh
Adj
moch
Agus ar ndóigh ina suí moch ar maidin. CC: RL-1-08-07
Cráin agus ál bainbh chois an tine is duine ina shuí i gcaitheamh na hoíche ag faire go maidin, le faitíos go dtarlódh... Dhá dtarlódh aon cheo d'aon bhanbh d'íocfá ann, deirimse leat le mo linnsa. CC: FO5-13-01
C 01
be up late
N1
AGS
Ní raibh aon fhaitíos orainn fanacht oíche ina suí ar chuma ar bith, ná codladh oíche a chaitheamh. CC: TM2-9-07-01
D'fhanadh muid ina suí tamall maith chois na tine, ag caint agus ag inseacht scéalta beaga dhá chéile agus ansin théadh muid ar imirt na gcártaí. CC: SP-5-02-03
D 01
attend to
N1
AGS
P1
EXP
le: bainbh
D'fhanfaí seachtain ag suí le cráin fadó. CC: FO-6-03-04
Bhoil tá an mhuic ceart go leor, ach tá an-trioblóid sa gcráin. Ag iarraidh a bheith i do shuí san oíche léi, ag tabhairt aire do na bainbh sin. CC: FO2-29-06
Tá siad ró-leisciúil le fanacht ina suí leo agus breathnú ina ndiaidh. CC: FO-6-03-04
04 A
cajole?
N1
AGS
A
DIR
isteach
P1
EXP
do
Cuimhnigh ort féin, nó meastú ar ag suí isteach dhúinn atá sé a Sheáinín. CC: TM2-9-03-13