Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suigh tabhair tag taispeáin taitnigh tar tarlaigh tarraing teastaigh téigh tit tóg tóraigh tosaigh triail troid tug tuig úsáid
tarraing
01 A 01
pull
N1
AGS
N2
MOT
caipín, eangach, duine
A
DIR
amach, isteach, aníos
Semantic Class: MOT
Bhí sé ar siúl go ndeachaigh sé go dtí an nead agus tharraing sé amach an caipín, agus bhí na cúig phunt sa gcaipín fós. CC: TM1-4-01-08
Tharraing na cailíní aníos mé, agus bhí mé caite ansin agus mé báite fliuch agus é ag cinnt orm a dhul soir ná siar. CC: FO-2-15-03
Thosaigh mé ag tarraingt isteach na heangaí agus de réir mar a bhí mé ag tarraingt bhí sí go béal leo seo le na fíogaigh seo. CC: SP-4-09-06
02
draw
N1
AGS
N2
MOT
claíomh, scian, leabhar
A
(FNT)
amach
P1
(TER)
ag
Nuair a chonaic sé seo í ní dhearna sé ach claíomh a tharraingt agus a dhul ina héadan agus bhí sé féin agus í féin ag greadadh a chéile, go raibh sé ina thráthnóna. CC: RM-4-02-28
Ní fhaca mise a leithide de rud is caint ar scian a tharraingt amach ná cloch a chaitheamh an uair sin. CC: MI-1-07-04
Bhíodh an leabhar beag aige féin agus nuair a thiocfadh sé agatsa 'sé an leabhar beag a thairneodh sé aige féin amach. CC: FO-5-08-03
03
drag
N1
AGS
N2
MOT
seál, dorú
P1
DIR
i ndiaidh
Agus bhí binn dhá seál fliuch mar bhí sí dhá tharraing, ina diaidh nó rud éigin an bhfuil a fhios agat. CC: SP-8-08-06
Tharraing sé an dorú ina dhiaidh ag an teach. CC: MI-3-10-11
04
drag
N1
AGS
N2
PRT
drioball
P1
DIR
i ndiaidh
Agus tháinig sí agam anall, agus í ag tarraingt an drioball ina diaidh. CC: TM2-8-08-01
Ar ndóigh tá Sean-Ned an créatúr anois níl sé in ann a chosa a tharraingt ina dhiaidh. CC: FO-3-01-14
05.1
pull up
N1
AGS
N2
MOT
treabhsar
A
DIR
suas
P1
TER
ar
Ach an treabhsar beag sin tairnithe suas orthu. CC: FO-1-22-01
05.2
pull off, tahe off
N1
AGS
N2
MOT
éadaigh
P1
FNT
de: mé
Is minic a chuaigh mé isteach as an teach gloine isteach ag an teach agus ba í mo bhean ab éigean mo chuid éadaigh a tharraingt dhíom. CC: TM2-11-06-03
05.3
dress hastily?
N1
AGS
P1
AGS
ar (refl)
Maidin lá arna mháireach, d'éirigh sé, tharraing sé air, chuaigh sé amach sa ngeárd, agus thug sé isteach gabháil tuí. CC: SP-3-01-09
06
shut
N1
AGS
N2
MOT
doras
Tarraing an doras seo in do dhiaidh mar sin. CC: SP-8-01-06
07
„pull legs“
N1
AGS
N2
PRT
cosa
Ag tarraingt cosa a chéile (freisin). CC: LC-1-22-08
B 01.1
pull out
N1
AGS
N2
MOT
ribe, croí, malaí
A
(FNT)
amach
P1
FNT
as
Agus tharraing sí ribe as a ghiall. CC: SP-4-08-07
Ach, sa deireadh dheamhan blas a rinne sé ach breith ar chliabhrach an chait agus a láimh a chur isteach thríd, agus breith ar a chroí agus é a tharraingt amach. CC: RM-4-02-24
Tairneoidh siad na malaí astu féin. CC: TM1-6-07-14
01.2
remove
N1
AGS
N2
MOT
fiacla
Ní thairnfí do chuid fiacla agus ní bhreathnfaí ina ndiaidh. CC: FO-2-16-05
02
pull up
N1
AGS
N2
MOT
neantógaí
Semantic Class: TRA
Ag tarraingt neantógaí is driseacha is 'chuile chineál eile dhá gcur ag fás ann. CC: RL-1-09-03
03
pull down, demolish
N1
AGS
N2
MOT
áiléar
A
FNT
anuas
Semantic Class: TRA
Bhí áiléir sa teach fadó ach bliain amháin d'imigh sé as móin, agus tharraing sé féin anuas an dá áiléar gur dhóigh sé iad. CC: SP-5-03-12
C 01.1
haul
N1
AGS
N2
MOT
feamainn
P1
TER
ar, ag
Semantic Class: TRA
Bhí feamainn go leor gearrtha, agus bhí an fheamainn uiliug tairnithe ar an garraí agam agus scartha amach. CC: LC-6-09-06
Bhoil, bhaineadh muid an fheamainn, agus, thairníodh muid ag an mbád í, agus phíceáileadh muid isteach insan mbád í. CC: SP-9-02-01
Bhoil, chuir sé roinnt fearg ar an mbádóir nuair nár scaoil sé isteach é agus chomh crua agus a chaith sé a shaol ag obair agus ná raibh sé ag déanamh tada ach ag tarraingt ag daoine bochta, údar tine agus údar beatha. CC: RM-6-19-05
01.2
haul
N1
AGS
N2
MOT
stuf
A
(FNT)
anall
P1
FNT
as
P2
TER
go, ag
Semantic Class: TRA
Agus bhíodh m'athair ag tarraingt anall stuf as Gaillimh aige go Caladh Mhuirí. CC: RM-3-07-06
Agus d'inis sé cén chaoi ar chaith sé a shaol, go mbíodh sé ag tarraingt mhóna ariamh isteach go hÁrainn agus as sin go Contae an Chláir agus go Gaillimh. CC: RM-6-19-04
01.3
haul, bring
N1
INS
bád, carr, lorry
N2
MOT
adhmad
A
DIR
isteach, aníos
P1
(TER)
go
Semantic Class: TRA
Bhí an t-adhmad sin dhá tharraingt isteach, go Gaillimh, carranna dhá tharraingt isteach ann. CC: TM1-5-02-08
Tá na leoraíos mhóra ag tarraingt aníos an adhmaid agus tá siad dhá thabhairt siar. CC: FO-6-14-07
02.1
haul
N1
AGS
N2
MOT
beart
P1
CON
ar: droim
Semantic Class: TRA
Drochbhóithrí, drochbhealach, droch-chosáin, agus ansin, bhídís ag tarraingt beartanna fraoigh ar a ndroim freisin. CC: TM1-6-01-06
02.2
haul
N1
AGS
N2
MOT
cliabh, galún
Semantic Class: TRA
Ní raibh siad in ann an litir a scríobh ag an nduine a bhí thall i Meiriceá, ach iad ina múillí ag imeacht ag tarraingt na gcléibh sin, ó Luan go Satharn. CC: TM2-10-08-02
Ag tarraingt an oiread seo galúin uisce 'chuile lá, buicéad sachaon láimh leat, 'sin dhá ghalún, ins 'chaon láimh in imeacht an lae, má tá samhradh te ann mar a déarfá. CC: TM2-9-03-02
D 01
N1
AGS
N2
MOT
carr, bád
Adj
(MOD)
díreach
Semantic Class: TRA
Bheidís in ann an carr a tharraingt gan caint ar an rópa a tharraingt. CC: TM1-6-07-14
Agus is iomaí áit a gcaithfidís an t-ualach sin a leagan anuas as an gcarr a ngabhfadh an carr dhá bháthadh, go dtairníodh an capall agus iad féin an carr arís, agus é a chur air arís. CC: RM-6-15-04
'Sin í an lámh a chaithfeas a bheith in uachtar agat i gcónaí, nó ní bheidh tú in ann an churach a tharraingt díreach. CC: MI-3-07-15
02
drag
N1
AGS
N2
MOT
dredge
P1
(LOC)
i ndiaidh
Semantic Class: TRA
Agus ansin nuair atá tú ag tarraingt na dredge, tá na fiacla gaibhte síos sa ngaineamh agus gabhfaidh sé faoin muirín. CC: LC-3-07-04
Chaithfidís iomramh crua le haghaidh an dredge a tharraingt ina ndiaidh. CC: LM-5-03-02
02 A 01
draw, let
N1
AGS
N2
MOT
deoir, fuil
A
(FNT)
amach
Ach diabhal pílear a chonaic siad agus diabhal duine a chonaic siad níos mó, nó gur thairníodar an deoir dheireanach a bhí air agus deir siad go raibh an-turn fuisce acu. CC: LC-3-13-21
Ach bhí sé ráite ceart go leor, go mba cheart i gcónaí, fuil a tharraingt, do Naomh Mártan. CC: LC-1-37-02
Má tá aon deoir anois agat sa mbuidéal sin, tarraing amach é is b'fhéidir go ndéanfadh muid níos fhearr. CC: RL-4-13-20
B 01
draw, extract
N1
AGS
N2
MOT/EFF
P1
FNT
as
Bhoil ansin, cuirfidh siad isteach sa bpota ansin é sin agus tairneoidh siad an sú as sin arís. CC: MI-7-13-11
02
draw, extract
N1
CAU
turnapa
N2
MOT
x
A
FNT
amach
P1
(TER)
ag
Bhí an turnapa bán in ann é a aibiú, agus é a tharraingt aige amach. CC: MI-7-08-03
C 01
draw in
N1
MOT
gail
P1
TER
ag-refl
Agus bhí sé ag tarraingt aige an dtuigeann tú an gail a bhí ag tíocht aníos as an gcarn aoiligh. CC: MI-7-10-20
02
breathe in
N1
AGS
N2
MOT?
anáil
Agus a anáil a tharraingt, ag fanacht ansin chomh fada agus a d'fhéadadh sé. CC: MI-7-10-19
03
draw in
N1
TER
(bßad)
N2
MOT
uisce
Bhoil, gearrtar rubóid, sa gcíle, agus sa mball, agus sa deadwood sin, siar, go dtí deireadh an bháid, sa gcaoi go ligfear an clár, a bheas in íochtar an bháid go scaoilfear isteach sa gcíle é, faitíos a mbeadh sé ag tarraingt uisce ar bhealach ar bith. CC: LM-5-01-09
D 01
remove, take from
N1
AGS
N2
MOT
splanc
P1
FNT
ó
Cuir splainc faoi agus tarraing splainc uaidh. CC: SP-2-08-04
03 A 01.1
meall, attract
N1
AGS
N2
MOT
daoine
A
DIR
isteach, siar
P1
TER
go dtí
Ach anois tá sí amuigh 'chuile phointe, ag tarraingt daoine isteach go dtí an ospidéil. CC: TM2-12-05-10
Tá mé a cheapadh go raibh sagart paróiste nua sa Spidéal a tharraing siar iad. CC: FO-1-28-05
01.2
gather
N1
AGS
N2
MOT
daoine
P1
TER
ar-refl
Agus beidh tú in ann na daoine a tharraingt ort le haghaidh an spraoi a dhéanamh. CC: FO-1-22-03
02
attract
N1
CAU
diúan
N2
MOT
luachair
Mar 'sé do chuid diúan atá ag tarraingt an luachair. CC: RL-1-09-06
03
get out
N1
AGS
N2
MOT
deis fuála
P1
TER
ag-refl
Tharraing siad acu a gcuid deis fuála, thosaigh an fhuáil, thosaigh an... CC: SP-3-03-08
B 01
N1
AGS/EXP
N2
ACT
obair
P1
PRT
ar: lámha
Ní cheapfainn gur cineál obair ar bith é sin le tarraingt ar do lámha. CC: FO-3-09-03
Ba dream a bhí iontu nach dtairníodh mórán ar a lámha. CC: TM2-9-02-02
02
acquire
N1
AGS/EXP
N2
ACT
ceird
P1
TER
chuig-refl
Nó an bhfuil na daoiní óga ag tarraingt ceirdeanna eile chucu féin anois, seachas an tsleádóireacht. CC: SP-2-01-10
Measann sibh an bhfuil aon cheirdeanna ann, a d'fheilfeadh do dhuine óg a tharraingt aige féin, sa gceantar seo faoi láthair, nó an bhféadfadh duine óg teacht suas air sa gceantar seo? CC: SP-2-02-01
03.1
burden (’zuziehen’)
N1
AGS
N2
MOT?
bean
P1
TER
ar (refl)
Le faitíos ansin go ndéanfaidís caiteachas ar bith ar an mbean, ná go gcaithfidís aon cheo le bainis nó le pósadh nó le cleamhnas ná rud ar bith mar sin, tá leisce orthu an bhean a tharraingt orthu féin. CC: RL-2-11-04
03.2
trouble
N1
AGS
N2
ACT
eascainí
P1
TER
ar
Ní dream ar bith sagairt lena gcuid eascainí a tharraingt ort, mar deir siad nach bhfuil sé ceart ná cóir. CC: RL-2-12-17
04
strive for
N1
AGS
P1
TER/ACT
ar
Bhoil bhí muintir Ros Muc ansin, bhí siad ag tarraingt air sin. CC: FO-4-06-06
05
earn, draw
N1
TER
N2
MOT
airgead trom
Tádar ag tarraingt airgead trom a Dan an bhfuil? CC: TM2-11-14-08
C 01
get on
N1
AGS/EXP
P1
ASS
le
Tá sé éasca go maith tarraingt leis cuid mhaith den am, ach amanna eile bíonn cantal éigin air. CC: SP-4-07-03
Tá teorainn sa Spidéal ar ndóigh, an abhainn, agus an dream taobh thiar agus an dream taobh thoir i gcónaí ní thairnídís le chéile. CC: SP-4-02-03
An Mhaighdean Mhuire adeirtear a chuir í sin i dtosach, do lánúin ná raibh ag tarraingt le chéile. CC: MI-7-14-09
04 A 01
go to
N1
AGS
A
(DIR)
amach
P1
TER
ar: [áit]
Anois, an coirnéal a mbíodh muide, na hÉireannaigh ag tarraingt air, níor chuala mise, ar an gcoirnéal sin, focal Béarla dhá labhairt ariamh. CC: TM1-3-02-04
Agus chonaic mé na daoiní ag imeacht romthu seachtain roimhe sin ag tarraingt ar an áit sin a bhí ag faire orthu. CC: RM-6-20-03
Nuair a ghabhfadh muid siar ag tarraingt amach ar an gCaoláire, chaitheadh muid amach an dorú. CC: LC-6-04-01
02.1
téigh, go to, visit
N1
AGS
P1
TER
ag
Bhí mé i mo Pháidín eatarthu, bhí clann mo dheirfíre, triúr nó ceathrar acu, ag tíocht agam is mise ag tarraingt acu. CC: SP-6-04-02
Níl a fhios agam creidim go gcaithfeadh sé go raibh daoine ag tarraingt ariamh aige. CC: LC-3-13-04
02.2
visit
N1
AGS
A
MOD
ar cuairt
P1
TER
i
Ach bhínn ag tarraingt ar cuairt insa teach, go mion minic, agus, dá dtéadh aon cheo mícheart, chuirfinn mo ladar nó mo láimh ann, ar nós an bhó a bheith amuigh... CC: SP-1-02-04
03
tag, move towards, approach
N1
MOT
gluaisteán
P1
TER
ar
Semantic Class: MOT
Na daoine a bhíodh ag siúl an bhóthair, dhá gcois, nuair a d'fheicfidís gluaisteán ag tarraingt orthu thugaidís na garranta orthu féin síos nó suas as an mbealach uaidh. CC: TM1-1-04-01
04
move
N1
AGS
A
DIR
isteach
P1
TER
ar: bailte móra
Semantic Class: MOT
Ach tá mé a cheapadh anois go bhfuil siad ag tarraingt isteach ar na bailte móra níos mó ná a bhídís. CC: SP-5-15-06
05
change direction (wind)
N1
CAU
gaoth
A
DIR
[treo]
Semantic Class: MOT
Nuair a bhí muid siar os cionn Cheann Gólaim, tharraing an ghaoth siar-aneas. CC: LC-6-02-02
B 01
P1
TER/TEM
ar: am
P2
(EXP)
ag
S1
ACT
VNle
Bhí sé ag brath ar pósadh ar chaoi ar bith nó bhí sé ag tarraingt ar am aige. CC: LC-1-09-05
Bhí sé ag tarraingt ar an am le dhul ar an ardán. CC: SP-5-08-09
02
A
(DIR)
amach
P1
TER/TEM
ar: [am]
Théadh na cailíní óga an uair sin ar an aonach, ba in é Aonach na Féile Bríde, ag tarraingt ar an Inid. CC: TM2-8-03-05
Ach, ag tarraingt ar an tráthnóna, d'airigh sé fíormheáchan ar an duán. CC: RM-4-02-03
Ach, nuair a bhí sé ag tarraingt amach ar an dó-dhéag a chlog, "Go down now" adeir an ganger liom féin "and tell them" adeir sé, "to go" adeir sé. CC: SP-8-06-11
03
N1
EXP
P1
TER/TEM
ar: [aois]
Tá mise" adeir sé, "ionann's ag tarraingt ar thrí scóir bliantaí anois agus tá an tseanbhean" adeir sé "ionann's chomh sean liom. CC: RM-4-02-04
De shiúl a gcos agus bhíodh a fhios agat go rabhadar go maith, ag tarraingt ar aois an phinsean nuair a bhíodar ag dul ann. CC: TM1-6-15-06
05 A 01
pull ashore
N1
AGS
N2
MOT
bád
A
TER
i dtír
Agus thug sí an craiceann amach dhá easnachaí, agus leis an ngreim a bhí aici air, tharraing sé i dtír í leis an ngreim a bhí aici air, agus é ag blaoch agus ag béiciúch. CC: LC-3-05-04
02
moor, park
N1
AGS
N2
MOT
bád, carr
A
(DIR)
isteach
P1
TER
i, ag, le taobh
Agus, bhí an bád mór seo a bhí ag m'uncail fadó, a bhí ag Tomás Choilm (Bhríd), bhí sí tairnithe le taobh na céibhe taobh thoir. CC: LC-3-13-16
Ach, bhí coill in aice leis, agus geata, agus d'oscail sé an geata, agus tharraing sé an capall agus an carr isteach i gciumhais na coille. CC: SP-3-01-13
Agus nuair a tharraing muid isteach ag an gcéibh in Árainn, 'sin é an áit a bhfeicfeá an t-iontas. CC: FO-3-02-02
03
stop, pull up
N1
AGS
N2
MOT
bád, cóiste
A
DIR
suas
P1
LOC
le taobh, le hais
Thug sé isteach é, is d'fhan sé ar an maológ nó go raibh an bád istigh in Árainn is chomh luath is a tharraing an bád suas le taobh na céibhe in Árainn, dhúisigh an sionnach suas, agus chaith sé a léim amach ar an gcéibh in Árainn agus d'imigh leis. CC: RM-6-01-14
"Tharraing an cóiste" adeir sé "suas lena ais. CC: RM-7-02-17
B 01
stop, stay
N1
AGS
A
(DIR)
suas
P1
LOC
i
Agus, bhí mé ag siúl liom, nó go bhfaca mé an chéad doras oscailte agus nuair a bhí tharraing mé ann. CC: SP-9-07-02
Agus bhí tithe ósta roimhe, nárbh fhéidir a dhul tharthu, a raibh carraeraí eile tairnithe suas ann roimhe. CC: TM1-5-07-05
Ach léar mar a bhí mé ag teannadh amach, is minic a tháinig oíche gharbh orm agus (drocháit), agus, thairnínn suas i dtithí eile, bhoil ní raibh deoir ar bith ansin. CC: LC-7-03-26
06 A 01
cause
N1
CAU
N2
RES
costas, trioblóid, sraofairt
Semantic Class: CAU
Bhí siad in ann é sin a choinneál agus ní thairneodh sé a leathoiread costais. CC: MI-5-07-06
) róchinnte dhó seo, gob é an fáth an snaoisín ó thús, le haghaidh sraofairt a tharraingt, agus le haghaidh an corp a dhúiseacht. CC: MI-1-10-04
Caithfidh sé gob é an t-airgead atá ag tarraingt 'chuile thrioblóid in Éirinn. CC: MI-1-02-03
02
provoke, cause, give (rise)
N1
AGS
N2
ACT
achrann, clampar
P1
(EXP)
ar
Semantic Class: CAU
Bhí níos mó deis acu achrann a tharraingt. CC: MI-1-07-03
'Sin é an rud is mó a tharraing clampar ar ghasúir na háite. CC: SP-1-05-12
03
elicit, get out of
N1
AGS
N2
DIC
caint
P1
FNT/ADR
as
Caithfidh mé thimpeall an scéal ó dhuine go dtí an ceann eile agus beidh duine agaibh ag tarraingt chainte as an gceann eile. CC: RM-7-02-01
De réir do chuid cainte féin agus de réir an méid eolais atá uait, agus tú ag iarraidh eolas a tharraingt as daoiní eile agus gan é ag teastáil uait. CC: x
04
elicit, cause
N1
CAU/DIC
scéal
N2
DIC
scéal
An bhfuil a fhios agat gur chuala mise caint, agus scéal a thairníonn scéal eile. CC: MI-6-22-01
B 01
get at
N1
AGS
P1
DIC
ar: [ábhar]
Semantic Class: DIC
Aimsir na gcaiple diallait anois atá muid ag tarraingt air. CC: LC-6-10-01
'Sin é a bhí mé ag tarraingt aige. CC: RM-7-04-05
02.1
mention, bring up
N1
AGS
N2
DIC
[ábhar]
A
PER
anuas
Semantic Class: DIC
Agus tá rud eile ann, mar adeir mé cheana is tairneoidh mé anuas na céileocha arís, […] CC: SP-7-14-02
Tairníodh anuas ceist na hiascach. CC: TM2-8-01-04
Tá tú thar damanta ag tarraingt anuas seanscéalta i gcónaí agat ag iarraidh a bheith ag tarraingt níl a fhios agam an ag tarraingt cainte nó ag tarraingt achrainne. CC: LM-1-06-01
02.2
mention, bring up
N1
AGS
N2
DIC
A
PER
isteach
Semantic Class: DIC
Caithfidh mé é sin a tharraingt isteach ó chuir tú ceist faoin bhfuisce orm. CC: LC-7-01-31
C 01
remind
N2
DIC
[scéal]
P1
EXP
ag
An dtairníonn sé sin aon cheann agatsa a Sheáin? CC: RM-7-05-07
02
remind
N1
AGS
A
DIR/PER
anuas
P1
EXP
ag
S2
FAC
Sgo
B'fhéidir gurb ea ach cén fáth a raibh sé ag tarraingt anuas agamsa go raibh dúchan ar na fataí. CC: MI-1-04-05
Caithfidh sé anois ó thairneos mé anuas arís agaibh é go raibh an talamh mór fiáin atá síos ansin curtha ag na Blácaigh uiliug. CC: MI-3-15-01
03
remind
N1
CAU
N2
THE
A
DIR/PER
anuas
P1
EXP
do
'Séard a tharraing anuas dhomsa é sin an leachta sin atá taobh thoir den droichead. CC: RM-7-04-06
07 A 01
beat, strike
N1
AGS
N2
ACT
clabhta, iarraidh
P1
(AFF)
ar
Tharraing muid cúpla clabhta agus rith muid. CC: SP-3-04-02
Ach, chuaigh sé suas agus tharraing sé a shean-iarraidh den mhaide ar an reithe agus shín sé é. CC: RM-4-02-19
Agus tharraing sé iarraidh ó bhun na gualainne ar an tairne agus chuir sé beagnach leath bealaigh thrí ordóg mo dhuine é. CC: RM-6-11-18
B 01
strike even ?
N1
AGS/EXP
Adj
VAL?
cothrom
Bhí Ryder agus Griffin in éineacht leo, bhíodar tagtha agus bhí Béal Átha na Sluaí thrí lasadh faoi gur thairníodar féin cothrom. CC: RM-5-01-11
08 A 01
draw
N1
AGS
N2
EFF
peictiúir, stríoc, mapa
Agus bhí beirt fhear le dhul suas ann nó triúr le bheith ag tarraingt peictiúir. CC: LM-2-06-06
Nuair chuirfeá poll ina lár ansin san áit a raibh an stríoc tairnithe agat nuair a bheadh sé tomhaiste agat agus dhá leith déanta agat díreach de. CC: LC-5-03-26
Ach nuair a d'éirigh mise ar maidin ar chuma ar bith, bhí mapa tarraingthe sa mbraillín, an áit ar fhágaigh mé lorg mo chosa, sa mbácús an bhfuil a fhios agat. CC: TM1-3-01-57
02
draw
N1
AGS
N2
EFF
cearnógaí
A
DIR
trasna
P1
DIR
thrí
Bhí cearnógaí tairnithe trasna mar sin thríd. CC: TM2-7-09-12
B 01
leag amach, lay out
N1
AGS
N2
EFF
garraí
A
PER
amach
An bhfuil sé deacair a Mháirtín Mhóir Uí Thuairisc, garraí a tharraingt amach nach mbeadh na hiomaireacha an-chothrom ann? CC: TM1-2-04-08
09 A 01
shrink
N1
AFF
slatacha
Tairneoidh na slatacha sin arís agus 'sé an rud céanna leis an dris é, má chuireann tú isteach an dris úr, ní bheidh aon iris agat. CC: SP-1-03-04
10 A 01
bain as, magadh, make fun of
N1
AGS
P1
EXP
as
Ach, ar aon nós, tá mé ag ceapadh gob é an chaoi a bhfuil tú ag tarraingt asam ach mar sin féin an dtuigeann tú, ní dhuitse atá mé ag caint ach tá mé ag dul dhá inseacht do na leaids bheaga sin ansin, créatúir b'fhéidir gur mhaith leo fios a bheith acu c... CC: LM-1-08-05
11 A 01
withdraw, pull out, quit
N1
AGS
P1
ACT?
as
Bhoil is beag nach bhféadfá a bheith siúráilte de do ghnaithe an uair sin agus mura dtaitníodh leat d'fhéadfá tarraingt as. CC: MI-5-04-24