Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nigh ól ordaigh oscail pioc pós réitigh rith saothraigh scaoil scríobh seas seol síl sín siúil siúl snámh socraigh stop suigh
rith
01 A 01
run
N1
AGS
Semantic Class: MOT
Chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé in ann rith, rith mé. CC: LC-3-13-14
Lig sé cineál fead, agus ara a dhiabhail rith muid, agus tabhair rith air. CC: SP-8-11-08
Nuair a chonaic ceann acu ag teacht é rith sí, agus tá sí ag rith fós. CC: SP-8-08-07
02.1
run
N1
AGS
A
DIR
siar, aniar, isteach ...
Semantic Class: MOT
Rith sé aniar an bóthar. CC: FO-5-18-20
Rith an dream eile ar ais agus d'úirt siad go raibh mé thíos sa tobar. CC: SP-8-02-03
Fuair sé claíomh crochta ar an mballa taobh amuigh agus rith sé isteach agus sháigh sé í. CC: RM-4-02-15
02.2
run
N1
AGS
A
TER
ag, go, ar
Semantic Class: MOT
Rith sí ar an gcriathrach go ndeachaigh sí go dtí an loch eile. CC: LC-3-03-07
Tá sibh ag ceannacht, tá sibh ag rith ag an siopa, tá sibh ag rith ag an dochtúr, tá sibh ag rith i 'chuile áit. CC: TM2-10-10-06
02.3
run
N1
AGS
A
TER
go dtí, ar, ag
Semantic Class: MOT
Rithfí go dtí an tseanbhean sin nó go dtí an seanfhear sin ar an bpointe. CC: TM2-10-03-03
Bhí 'chuile dhuine ag rith ar an bhfear seo le haghaidh an spraeáil a dhéanamh. CC: LC-5-03-43
Ach anois, a Taimín, le casaoid ar bith, tá an páiste, agus tá an bhean agus tá an fear tá siad rite ag an dochtúr. CC: RL-4-11-06
03
lean, run after, chase
N1
AGS
A
TER
i ndiaidh
Semantic Class: MOT
Ní fhaca mise aon fhear ariamh ag rith i ndiaidh bean ag damhsa ar chuma ar bith. CC: TM2-8-08-02
B'fhéidir go gceapfadh na cearca gur mias a bheadh agat agus bheidís ag rith i do dhiaidh. CC: MI-3-08-08
Agus is minic a fuair mé píosa breá spóirt ag rith ina ndiaidh, ag iarraidh greim a fháil orthu. CC: LM-1-01-01
04
run away, flee
N1
AGS
A
FNT
ó
Semantic Class: MOT
Rith an mac uaidh CC: LC-7-01-14
Rud ar bith a rithfeadh uathu, bhí an t-ordú acu caitheamh leis. CC: RM-6-21-12
B 01
run = take part in a race
N1
AGS
N2
EVT
rása, geall
Semantic Class: ACT
Diabhal bean ar bith a bhí ag rith rása fadó. CC: RL-3-15-03
Rith mé aon rása déag, aon lá amháin istigh i Leitir Móir. CC: LC-6-07-06
Chuala mé go raibh siad lá i nGaillimh, ag rith geall. CC: LC-3-12-02
02 A 01
run, flow
N1
MOT
[leacht]
A
FNT/DIR
anuas, siar is aniar
P1
TER
ar
Semantic Class: MOT
Bhí mo dhá bhróig lán, bhí an t-uisce ag rith siar is aniar ar mo chosa. CC: LM-4-03-04
Bhí sé sin [leann] ag rith as agus ag rith anuas ar do chuid éadaigh agus thú báite. CC: FO-7-13-12
02
melt, flow
N1
AFF
P1
STA
i (ess)
Semantic Class: EVT
D'fheicfeá an choirleach, de réir mar a bheadh sí ag dó ag rith ina hola. CC: RM-5-16-12
Nuair a bheadh siad scaitheamh dhá dó sin agus tine tógtha aici, bheadh sí ina hola, ag rith. CC: RM-5-16-12
B 01
grow, shoot
N1
AFF
Semantic Class: EVT
Ar nós planda a rith, tá a fhios agat anois nuair a rithfeas oiniún. CC: MI-7-08-16
Nuair a fheicfeas tusa oinniún a bheas gaibhte ró-fhada, a rithfeas. CC: MI-7-08-15
Nuair a rithfeas planda, turnapa nó mangold nó tada. CC: MI-7-08-16
C 01
run, follow, be orientated
Adj
DIR
díreach
Má tá an portach ag rith díreach, agus é roinnt fada, beidh do láí arís agat, agus do dhorú, mar a bhí agat nuair a bhí tú ag dul sa ngarraí, ag dul ag socrú na talúna. CC: TM1-2-08-01
02
run, follow, be orientated
N1
AGS
N2
INS
dorú
P1
AGS
le
P2
TER
go dtí
Semantic Class: ACT
Rithfidh tú leat an dorú go dtí an cloigeann eile den phortach, agus tomhaisfidh tú arís é, sa gcloigeann sin dhó. CC: TM1-2-08-01
Rithfidh tú aníos é, agus tabharfaidh tú iarraidh amháin síos díreach arís dhó. CC: LC-5-02-28
03 A 01
run, supply, deliver = deliver goods to some destination
N1
AGS
N2
MOT
móin, lucht
P1
(TER)
go
Semantic Class: MOT
Bhoil bhí mise tamall i mo bhádóir, i mbád mór, ag rith móna. CC: LC-7-04-01
Bhí siad ag rith, ag tabhairt móna go hÁrainn. CC: LC-3-08-11
Bhí siad comhairthe agamsa cé mhéad bád a rinneadh suas, nár rith aon lucht ariamh. CC: RM-1-08-01
04 A 01
run, direct, manage
N1
AGS
N2
AFF
teach, tír
P1
(INS)
le
Semantic Class: ACT
Mura raibh an bhean spéisiúil, mura raibh sí ag rith an tí mar is ceart, go mb'fhéidir gur úirt an fear leis féin... CC: RL-4-13-09
Go raibh sé ag iarraidh an contae a rith, leis na rátaí, agus nach raibh mé ag déanamh mo chuid. CC: SP-6-04-04
Tá tú againn tréigthe, mar gheall ar an dream éigin seo, atá ag iarraidh a bheith ag ritheacht ár dtír. CC: SP-7-24-03
05 A 01
be usual
Séard a bhíodh ag rith an t-am sin, ní raibh aon flashlamps ann ná rud ar bith dhá shórt, ná aon tsúil againn leo. CC: LC-4-02-43
B 01
run out/short of
N1
EXP
P1
THE
i
Adj
VAL
gann
Rith sé gann i gcoinnle aon oíche amháin agus d'éirigh sé, bhí coinneal bheannaithe sa drisiúr in áit éigin, fuair sé í agus las sé í. CC: SP-7-18-04
02
get late
Adj
VAL
gann
Rith an t-am gann ar deireadh. CC: LC-4-01-38
06 A 01
éirigh, be successful
N1
EVT/ACT
saol
P1
EXP
le
Is cuma cén áit a gcuirfidh siad a gcois ná a láimh ach oiread le chéile, ritheann an saol leo. CC: TM1-4-01-02
Tá sé ag rith de ghnás leo. CC: RM-7-06-04
B 01.1
occur
N1
sé > Sgo
P1
LOC
trí: intinn
S2
FAC
Sgo
Semantic Class: COG
… go bhfuil sé ag rith thrína intinn, go bhfuigheadh sé féin bord agus go leagfadh sé ann é an lá sin. CC: LM-4-02-08
01.2
occur
N1
sé > Sgo
P1
EXP
le
S2
FAC
Sgo
Semantic Class: COG
Ritheann sé liom go mba chóir dom pictiúr a phéinteáil de. CNG: Oghma
Rith sé liom nach mbeinn sa saol seo ach uair amháin agus go raibh athrú ag teastáil uaim. CNG: Máire Ní Néill