Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
abair admhaigh aimsigh ainmnigh airigh áirigh aistrigh aithin aithnigh áitigh amharc aontaigh ardaigh athraigh bac
admhaigh
01 A 01
admhaíonn [duine] [go bhfuil rud amhlaidh]
admit
N1
AGS
S2
FAC
go
Semantic Class: DIC
Níl a fhios agam, ach admhaím go raibh mé cúthail, cinnte. CC: SP-2-13-05
Bhoil admhaím go mb'fhéidir go raibh sé go dona síos i Sasana. CC: SP-7-02-04
Muise ba mhaith liom í [ceist] a fhreagairt dhá mbeinn in ann, ach caithfidh mé a admhachtáil nach bhfuil mé in ann. CC: LM-1-04-05
Ach seachtain níos déanaí d'admhaigh siad go ndearna siad botún san obair agus nár éirigh leo. CNG: Oghma
Arae ní féidir a admhachtáil go mbeadh fadhb ag an Státseirbhís nach mbeadh fuasclaithe cheana féin. CNG: Louis de Paor
Leis an bhfírinne a rá, bhí orm a admháil gur ar nóiméad éigin mar seo a bhí mo shaol ar fad ag díriú. CNG: Oghma
02
admhaíonn [duine] [rud]
admhaíonn [duine] [rud] do [dhuine]
admit
N1
AGS
N2
FAC
méid é seo/sin
P1
(ADR)
do
Semantic Class: DIC
Níor admhaigh mé dhóibh sin é mar ba strainséaraí iad. CC: LC-5-03-67
Caithfidh mé é sin a amhdachtáil freisin. CC: SP-3-03-17
Admhaím an méid seo ceart go leor. CC: TM2-9-09-11
Is aisteach liom go bhfuil tú chomh sásta é a admháil, ar seisean agus dreach dorcha air. CNG: Oghma
An t-eagla céanna air sin agus a bheadh orm féin ach ná hadmhóinn é. CNG: Pádraigh Ó Cíobháin
Sea, agus an binneas atá sa ghealaigh seo anocht, ní maith liom é a admháil dom féin ach tá mo chroí scólta acu. CNG: Pádraigh Ó Cíobháin
03
admhaíonn [duine] [gníomh]
admit
N1
AGS
N2
ACT
coir
Semantic Class: DIC
Sé mhí i bpríosún a cuireadh uirthi, agus dúirt an breitheamh gur bliain iomlán a bhéarfadh sé di murab é gur admhaigh sí an choir. CNG: Séamus Ó Grianna
04
admhaíonn [duine] [fíric]
admit
N1
AGS
N2
FAC
fírinne; galar, meath
Semantic Class: DIC
Nochtadh na fírinne sa dóigh a n-admhódh an té is bréagaí í. CNG: Seosamh Mac Grianna
Séard a chaithfidh tú a thuiscint gurb ionann galar amháin a admháil go hoscailte agus galar eile a cheilt. CNG: Oghma
Tá an Ghaeilge tréigthe sna scoileanna taobh amuigh de ghaelscoileanna agus tá meath na Gaeltachta tubaisteach, meath nach bhfuil na heagraíochtaí sásta a admháil agus go bhfuil faitíos orthu, fiú, go dtuigfí cé chomh holc is atá sé. CNG: Máire Ní Néill – Beatha
02 A 01
admhaíonn [duine] [rud] (aithníonn sé mar fhírinne é)
admhaíonn [duine] [go bhfuil rud amhlaidh] (aithníonn sé gur sin an fhírinne)
acknowledge, concede, accept
N1
AGS
N2
DIC
rud
S2
FAC
go
Semantic Class: DIC
Tá Séamus faoi chomaoin mhór acu beirt, rud a admhaíonn sé arís agus arís eile: M'athair an sgéalaidhe is fearr a chuala mé riamh. CNG: Nollaig Mac Congáil
Admhaítear go forleathan anois go bhfuil cumas an duine chun a aigne a dhíriú ar aon mhír eolais amháin ar feadh tamaill fhada tar éis laghdú go mór le roinnt blianta anuas. CNG: Oghma
Sheinn sé ansin ar an fhidil agus ar na píoba agus d'admhaigh 'ach aon duine nach raibh a leithéid thoir nó thiar. CNG: Séamus Ó Cnáimhsí
02
admhaíonn [duine] [go bhfuil rud amhlaidh] (tá sé á mhaíomh)
claim, declare, state
N1
AGS
S2
FAC
go
Semantic Class: DIC
Agus má bhíos féin, admhaím gur imir tú cleas orm. CC: SP-2-13-04
Admhaidís go mbíodh sé thar cionn. CC
Ach, ar ndóigh ba é ceart go leor rinne sé go leor oibre ach admhaím go ndearna an bhean í féin cuid mhór di. CC: TM2-11-04-08
Bhí an bród seo d'inneach sna himirceoirí agus ba leasc leo a admháil os ard gurbh é an díomhaointeas in Éirinn a sheol anonn an chéad lá iad. CNG: Oghma
D'admhaigh Doiminic go raibh sé sásta sin a dhíol agus d'imíomar. CNG: Séamus Ó Cnáimhsí
Admhaíonn Pat Rabbitte go bhfuil cúrsaí polaitíochta faoi láthair ar féithbhogadh agus ní dóigh leis go bhfuil mórán muiníne ag daoine as polaiteoirí. CNG: Máire Ní Néill – Beatha