Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
abair admhaigh aimsigh ainmnigh airigh áirigh aistrigh aithin aithnigh áitigh amharc aontaigh ardaigh athraigh bac báigh bailigh
ainmnigh
01 A 01
aimníonn [duine] [rud] i ndiaidh [duine]
name, call
N1
AGS
N2
AFF
P1
FNT
as, de, i ndiaidh, ó
Semantic Class: DIC
Is aisteach an rud an bhfuil a fhios agat go bhfuil tobar agus reilig agus baile ainmnithe ina dhiaidh má bhí a leithide de naomh ann ariamh. CC: RM-4-10-02
Tá an reilig sin amuigh ainmnithe dhó ach níl aon tuairisc rathúil … CC: RM-4-10-01
Dhearbhaigh sé dom freisin go bhfuil ráth Déamain le feiceáil san áit go fóill agus gur as a ainmníodh an baile fearainn. CNG: Séamas Ó Saothraí
I ndiaidh Rí na Sualainne a ainmníodh é agus ainmníodh eisean i ndiaidh mhac Oisín. CNG: Oghma
Chuala mé go hindíreach gur thug seanfhear as an áit Abhainn Ainthín uirthi, amhail is dá mba ón naomh, Ainthín, ar hainmníodh Cill Ainthín uaidh, a hainmníodh an abhainn. CNG: Liam Mac an Iomaire
02 A 01
aimníonn [duine] [duine] (luann a ainm)
name, mention by name
N1
AGS
N2
THE
A
(PER)
amach
P1
(ADR)
do
Semantic Class: DIC
An mbeifeá in ann, duine ar bith acu a ainmniú dhúinn anois, agus [cén] cineál duine a bhí ann. CC: LM-3-08-04
Agus d'ainmnigh sé amach an oiread seo áiteacha. CC: RM-7-02-13
"Tá cailín ar an dara baile domh," ar sise, á hainmniú, "agus déarfainn go ndéanfadh sí cúis d'fhear nach raibh teann ar a chúl aige. CNG: Séamus Ó Grianna
Chomh maith leis sin d'ainmnigh siad seacht bhfeidhm eile, nó jabanna speisialta a bhain le struchtúir mhargadh an chodlaidín. CNG: Oghma
Bhí an oiread sin daoine a chabhraigh linn ar an turas seo agus nár mhór dom leabhar eile a scríobh le iad a ainmniúCNG: Colm Dubh Ó Méalóid
B 01
aimníonn [duine] [duine] (cuireann chun cinn é le haghaidh poist)
nominate
N1
AGS
N2
EXP
P1
(FUN)
ar, mar
Semantic Class: DIC
Cén cúl báire as Cill Dara a ainmníodh ar an fhoireann peile i 1978? CNG: Seosamh Ó Gallchóir
Tar éis éirí as an tseirbhís phoiblí dom, ainmníodh faoi dhó mé mar chomhalta de Sheanad Éireann. CNG: Diarmuid Ó Laoghaire
Ainmníonn gach ballstát „mór“ beirt, agus ainmníonn gach ballstát „beag“ duine amháin. CNG: Oghma
02
aimníonn [duine] [áit] (deir cén áit go cruinn)
aimníonn [duine] [am] (deir cén t-am go cruinn)
specify
N1
AGS
N2
LOC/TEM
áit, am
Semantic Class: DIC
Cad é a rinne mo Dhoiminic anois ach an tríú litir a chur chuig Nuala ag iarraidh uirthi castáil air agus ag ainmniú na háite agus an ama. CNG: Séamus Ó Cnáimhsí
Nuair a tháinig an tráthnóna a bhí ainmnithe bhí muid seisear ann ag tae Aoife Ní Raghailligh. CNG: Seosamh Mac Grianna