Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
abair admhaigh aimsigh ainmnigh airigh áirigh aistrigh aithin aithnigh áitigh amharc aontaigh ardaigh athraigh bac báigh bailigh bain
airigh
01 A 01.1
airíonn [duine] [rud] (oibiacht fhisiciúil)
feel
N1
EXP
N2
breac, meáchan
Semantic Class: COG
Dheamhan mórán achair anois go n-aireoidh tú breac. CC: CR-3-09-02
Ach, ag tarraingt ar an tráthnóna, d'airigh sé fíormheáchan ar an duán. CC: RM-4-02-03
01.2
airíonn [duine] [rud] (dálaí aimsire)
feel
N1
EXP
N2
STA
sioc, sneachta, báisteach
Semantic Class: COG
Bhí sé te, teolaithe, coinnithe glan fadó, agus ní aireofá sioc ná sneachta ná báisteach istigh ann, ní bheadh a fhios agat nach ag scaladh gréine a bheadh sé ar maidin nuair a ghabhfá amach as, agus sioc mór ann. CC: RM-6-18-01
01.3
airíonn [duine] [rud] (mothúchán ina chorp féin)
feel
N1
EXP
N2
STA
lagar, ocras grá
Semantic Class: COG
Agus go n-aireoidís lagar, nó cineál sliabh gortach nó ocras. CC: MI-7-12-03
Maidir leis an ngrá seo a bhfuil sibh ag caint air, níl creidiúint ar bith agam sa ngrá sin mar ní fhaca mé é agus ní airím grá. CC: MI-5-01-02
02
airíonn [duine] [ar bhealach éigin]
feel
N1
EXP
A
(caoi)
Adj
QUA
tinn, uaigneach
Semantic Class: PSY
Cén chaoi ar airigh tú lá arna mhárach meastú? - Bhoil d'airigh mé an-tinn lá arna mhárach. CC: LM-3-04-03
Bhoil níor airigh tú an-uaigneach mar sin féin ann. CC: SP-7-03-07
03
airíonn [duine] [rud] [ag athrú]
feel, notice
N1
EXP
N2
EXP/PRT
thú féin, cois
S1
EVT
VN
Semantic Class: COG
D'imigh mo chois chlé uaim agus nuair a d'airigh mise an chois chlé ag imeacht, thug mé casadh ansin, le haghaidh an chois a fháil fúm CC: FO-4-12-02
Aireoidh tú thú féin ag fáil lag mar a déarfá, ag titim anuas i leaba a chéile, nuair nachar ith tú aon ghreim le fada, 'sin é an sliabh gortach. CC: CR-6-13-02
04
airíonn [duine] [rud] [imithe]
feel, miss
N1
EXP
N2
MOT
S1
STA
VA
Semantic Class: PSY
An airíonn tú imithe é, nó an raibh cumha agat ina dhiaidh nuair a d'imigh sé? CC: TM2-12-01-02
05
airíonn [duine] [caillteanas]
feel, miss
N1
EXP
N2
VAL
méid
P1
(LOC)
ó, ag
Semantic Class: PSY
Ar ndóigh dhá dhonacht dhá ndearna muid i gcaitheamh na bliana, níor airigh muid an méid sin. CC: CR-4-04-02
Níor airigh sé aige ná uaidh an méid atá agamsa a thóg mé as. CC: LC-4-01-33
06
airíonn [duine] [rud a dhéanamh]
(réidh, sásta), feel like, be inclined
N1
AGS
S1
ACT
VN
Semantic Class: PSY
Bhoil, ní aireoidh 'chuile theach sa bparóiste punt a thabhairt dhuit a Athair. CC: CR-8-07-19
B 01
airíonn [duine] [am] [ag imeacht]
notice, perceive
N1
EXP
N2
TEM
lá, oíche, saol
S1
EVT
VN
Semantic Class: COG
Tá an obair sách trom ann go deimhin, ach má tá féin, ní airíonn muid an lá ag imeacht ag caint is ag comhrá, is ag obair linn. CC: SP-7-01-01
aireoidh tú an saol ag imeacht. CC: RL-4-13-12
02
airíonn [duine] [duine] [ag déanamh ruda]
notice, perceive
N1
EXP
caoirigh
N2
AGS
gadhair
S1
EVT
VN
Semantic Class: COG
Is gearr go dtáinig na gadhair agus nuair a d'airigh na caoirigh na gadhair ag tíocht, thosadar ag cruinneál isteach. CC: CR-2-08-15
03
airíonn [duine] [go bhfuil rud ag tarlú]
notice, perceive
N1
EXP
S2
EVT
Sgo
Semantic Class: COG
Bhí sé ag déanamh turn fuisce agus níor airigh sé ariamh go raibh na gardaí ag teacht in aice leis. CC: FO-4-01-01
C 01
airíonn [duine] [rud] (tugann sé faoi deara é)
notice, hear
N1
EXP
N2
taibhsí
Semantic Class: COG
Tá a fhios agamsa go mbíodh taibhsí ann, mar is minic a d'airigh mé iad. CC: CR-6-11-08
02
airíonn [duine] [rud] [ag déanamh ruda] (tugann sé faoi deara é)
notice, hear
N1
EXP
N2
coill
S1
EVT
VN
Semantic Class: COG
Is gearr gur airíodar an choill ag creathadh, agus na dilliúir ar na crainnte ag corraí, agus an fathach mór ag tíocht as an Domhan Thoir. CC: LC-7-02-06
02 A 01
airíonn [duine] [fuaim]
clois, hear
N1
EXP
N2
EVT
ceol, cnag, torann
Semantic Class: COG
Agus d'airigh sé an ceol. CC: CR-3-14-04
Ach diabhal mórán achair a bhí sé thíos faoi dic nuair a d'airigh sé an chnaig. CC: RM-1-01-10
02
airíonn [duine] [rud] (foinse fuaime)
clois, hear
N1
EXP
N2
cláracha
Semantic Class: COG
Bhoil chomh soiléar le rud ar bith, d'airigh mé cláracha, taobh thiar i ngarraí ná raibh teach ná tada. CC: LC-2-10-07
03
airíonn [duine] [duine] (foinse fuaime)
clois, hear
N1
EXP
N2
AGS
píobaire
Semantic Class: COG
An bhfuil aon scéal agat faoin mbád sin aon uair ar airigh siad féin an píobaire inti? CC: RM-3-05-12
B 01
airíonn [duine] [caint]
clois, hear
N1
ADR
N2
DIC
cuntas, caint, scéal
Semantic Class: COG
D'airigh mé cuntas beag ar an mbréidín cheana CC: RM-6-05-01
Ar airigh tú mórán cainte faoi nó cén sórt duine a bhí ann a Mháirtín? CC: RM-6-14-02
Ar airigh tú aon scéal a chruthaigh é mar a déarfá? CC: RM-6-01-09
02
airíonn [duine] [duine] ag [caint]
clois, hear
N1
ADR
N2
AGS
S1
DIC
VNdic
Semantic Class: COG
D'airínn m'athair ag caint faoi rud éigin faoi leathunsa tobac. CC: RM-4-12-03
Tá a fhios agat, d'airigh mé thú ag inseacht scéal eile fadó, tá dearmad déanta anois agam air. CC: RM-2-02-01
03
airíonn [duine] [go bhfuil rud amhlaidh] (cloiseann sé á rá é)
clois, hear
N1
ADR
S2
DIC
Sgo
Semantic Class: COG
Agus nár airigh mise gob é a leigheas iad. CC: TM2-11-09-03
04
airíonn [duine] faoi [rud] (cloiseann sé trácht air)
clois, hear
N1
ADR
N2
DIC
bealach
P1
THE
faoi
Semantic Class: COG
Bydad, 'sin bealach nár airigh mé, d'airigh mé faoin bhfraoch. CC: RM-6-05-19
05
airíonn [duine] [rud á dhéanamh] (cloiseann sé go ndéantar é)
clois, hear
N1
ADR
N2
saeinne
S1
FAC
VN
Semantic Class: COG
Ar airigh tusa ariamh an saeinne dhá ól? CC: MI-7-08-09