Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iompaigh iompair ith labhair las leag lean léigh lig luigh mair maraigh meas mill mínigh mol múin nigh ól ordaigh oscail
léigh
01 A 01
read
N1
AGS
N2
DIC
leabhar, páipéar, litir
Semantic Class: COG
Bhí Ruairí ag léamh a chuid leabhra. CC: SP-6-18-02
Teastaíonn uainn an páipéar a léamh agus caithfidh muid solas maith a bheith againn lena aghaidh. CC: TM2-10-09-02
Agus tá a fhios agaibh féin go maith, seandaoine, ná raibh spéacláir acu, go raibh sé an-deacair litir a léamh, san am sin. CC: TM-4-01-12
Thit an drioll ar an dreall ag Máire Uí Riain nuair a léigh sí an litir. CNG: Peadar Ó Concheanain
Sheasaigh mé gur léigh mé an scríbhinn. CNG: Séamus Ó Grianna
Mise a rinne an dán a léigh tú. CNG: Séamus Ó Grianna
02
read out
N1
AGS
N2
DIC
A
PER
amach
P1
ADR
do
Semantic Class: COG
Ach bhreathnaigh an mac an lá seo ar an bpáipéar, agus, an rud a bhí sa bpáipéar ní hé a chuaigh sé a léamh ar chor ar bith don athair. CC: TM2-8-07-14
Agus chruinníodh muintir an bhaile an uair sin, ar an duine sin, nó go léifeadh sé an páipéar dhóibh. CC: TM-1-07-03
Ach léigh sí amach dhóibh, d'úirt sí leo a dhul ag... CC: RL-3-21-07
Nuair a fuair Nóra an leitir a chuir tú chuici tháinig sí chugamsa léithi gur léigh sí domh í. CNG: Séamus Ó Grianna
Mar atá le feiceáil fiú amháin ón abairt sin a léigh tú amach, ní thagaimse ar an gceist seo ó thaobh fealsúnachta... CNG: Oghma
03.1
read
N1
AGS
N2
FAC
P1
FNT
i, as
Semantic Class: COG
Léigh mé sa leabhar é. CC: SP-8-12-08
Tuig agat an scéal seo anois agus is minic a léigh tú sa bpáipéar é. CC: RL-2-14-04
Spáinfidh mé féin dhuit sa leabhar é, léighfidh mé as an leabhar é. CC: SP-8-12-09
Léigh mise a oiread sa leabhar sin agus a chuir fonn orm an scéal seo a leanstan go deireadh. CNG: Seosamh Mac Grianna
03.2
read
N1
AGS
P1
FNT
i, as
S2
FAC
Sgo
Semantic Class: COG
Chuala mé féin, agus léigh mé i leabhair Mhic Con Iomaire, go bhfuil máirnéalach a bádh curtha ar an gcarraig agus cloch os a chionn. CNG: Liam Mac an Iomaire
04
read
N1
AGS
P1
THE
faoi
P2
(FNT)
i
Semantic Class: COG
Léigh mé rud éigin faoi sin. CC: MI-7-17-07
Agus bhí sagart againn ann is dóigh gur léigh cuid mhaith faoi ar chaoi ar bith. CC: LM-2-07-15
Léigh mé fúthu sna treoirleabhair ceart go leor, agus chonaic mé sna scannáin iad minic go leor. CNG: Dónal Mac Suibhne
B 01.1
read
N1
AGS
N2
MOD
[teanga, cód]
Semantic Class: COG
Bhí tú in ann ceol a léamh is 'chuile shórt. CC: RM-3-08-06
Béarla uilig le 'chuile shórt, ní raibh focal Gaeilge ariamh dhá labhairt ar thada ná dhá léamh. CC: RM-5-13-05
Bhí mé ar a' sgoil go rabh mé ceithre bliadhna déag agus ag deireadh an ama sin bhí mé i n-innimh Béarla a léigheamh go maith acht nach rabh cleachtughadh agam ar a labhairt CNG: Nollaig Mac Congáil
01.2
read
N1
AGS
N2
DIC
P1
MOD
i: [teanga, cód]
Semantic Class: COG
Tá sé in ann é a léamh i mBéarla an bhfuil a fhios agat, an páipéar. CC: RM-5-13-07
C 01
read
N1
AGS
N2
DIC
aifreann, salm
P1
(EXP)
ar
Semantic Class: COG
Tá an sagart ag breathnú amach ar an bpobal agus é ag léamh an Aifrinn. CC: FO-4-04-02
Léigh sé an tAifreann, fhriotháil an sagart óg é. CC: LC-2-12-03
Deir siad gur léigh sé Sailm na Mallacht orthu pé ar bith cén sórt sailm í féin nó pé ar bith cén sórt léamh é féin. CC: RL-3-17-02
Léigh an tAthair Diarmuid Ó Laoghaire Aifreann i gclochar ar oileán ar loch Chiemsee i gcuimhne Aba Éireannaigh - Dubh-dá-Chrích ab ainm dó - a mhair agus a shaothraigh tuairim míle bliain ó shin ann. CNG: Diarmuid Ó Laoghaire
Léigh an sagart an tseirbhís. CNG: Séamus Ó Grianna
Léigh sé paidreacha orthu agus leag sé a lámha ar an mbeirt acu. CNG: Mícheál Ua Ciarmhaic
02 A 01
tell (fortune)
N1
AGS
N2
DIC
Semantic Class: COG
Meastú an gcreidfeá iontu, an bhfuil siad in ann fortune a léamh do dhuine, an bhfuil siad in ann saol an duine a thabhairt amach? CC: RL-3-20-11
Ach nach minic a Chóil Dharach a chonaic tú féin, bean as an áit seo a bhí in ann cupán a léamh? CC: RL-3-21-01
Chuala mise siosarnach an mhí-ionracais, tormán an mhíchompoird; léigh mise na comharthaí. CNG: Oghma