Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glac glan glaoigh gnóthaigh goid goill iarr imigh imir inis íoc iompaigh iompair ith labhair las leag lean léigh lig luigh
imigh
01 A 01
go away
N1
AGS
Semantic Class: MOT
D'imigh an fear agus ní fhaca siad níos mó é. CC: MI-7-06-09
Shábháil sí an páiste agus d'imigh sí féin. CC: LC-1-35-03
Seachtain a bhí sé againn ach b'éigean dó imeacht. CC: SP-3-11-08
02
come out
N1
AGS
P1
FNT
as: uaigh
Semantic Class: MOT
Bhídís ag imeacht as na huaigheanta freisin. CC: MI-4-11-17
03
leave
N1
AGS
bean
P1
FNT/EXP
ó
Semantic Class: MOT
Agus gabh i leith, cén chaoi a mbeadh sé dhá n-imíodh sí seo uait dhá ndéarfadh sí "Ní phósfaidh mé thú." CC: MI-5-04-38
Ach, nuair a d'oibrigh mise seachtain ag an bhfear sin thug mé mo mhallacht dhó agus d'imigh mé uaidh. CC: TM2-11-05-02
04
go on from
N1
AGS
P1
AGS
le (refl)
P2
FNT
ó
Semantic Class: MOT
Ach, d'imigh liom uaidh sin, agus chuaigh mé ar ais arís go dtí é, ach gob é an sásamh céanna a bhí agam. CC: SP-4-03-21
05
go off
N1
AGS
S2
LOC
Smar
Semantic Class: MOT
D'imigh sé mar a tháinig sé. CC: MI-7-11-08
B 01
emigrate
N1
AGS
Semantic Class: MOT
Agus nach bhfuil cuid acu ag imeacht agus gan focal amháin Béarla acu. CC: TM2-12-07-04
Bhoil ní imidís chomh hóg a Phádraig agus atá siad ag imeacht anois. CC: TM1-3-02-01
02
emigrate
N1
AGS
P1
FNT
as
Semantic Class: MOT
Cailín a d'imeos as seo anois ag sé bliana déag, nó seacht mbliana déag, tá sí ag dul anonn go Sasana ag sábháil a cuid airgid, ag breathnú roimpi, ag cur a cuid airgid i dtaisce, ag pósadh, togha an fhir thall ansin. CC: RL-2-10-04
Bhoil ní ann a bhí tú ag obair i gcónaí, bhí tú tamall imithe as an tír ná rabhais? CC: RL-3-01-03
03.1
go across, emigrate
N1
AGS
A
DIR
anonn
P1
TER
go
Semantic Class: MOT
M'anam go mb'fhéidir go mb'fhearr do na cailíní sin buachaill óg a fháil sa mbaile agus suí síos agus bualadh faoin saol, ná imeacht anonn go Sasana agus b'fhéidir an leaid sin imeacht uaithi nuair a bheadh sé leathbhliain pósta léi ag... CC: RL-2-10-05
03.2
go across, emigrate
N1
AGS
P1
DIR
thar: farraige
Semantic Class: MOT
Imeoidh sé thar farraige ar chuma ar bith. CC: TM2-12-09-06
04
emigrate
N1
AGS
P1
AGS
le (refl)
P2
INS
ar: bád bán
Semantic Class: MOT
Cuma leo ach ag imeacht leo ar an mbád bán sin, go mbuailfidh siad... CC: FO-3-09-05
05
emigrate
N1
AGS
P1
MOD?
ar: imirce
Semantic Class: MOT
Agus, is iomaí duine a d'imigh, ar imirce, agus a rinne gnaithe maith, agus is iomaí duine eile a d'imigh, a d'imigh ar fán an tsaoil. CC: SP-2-04-01
06
move out
N1
AGS
A
DIR
amach
P1
FNT
as
Semantic Class: MOT
Níl mé mí fós imithe amach as an seanteach atá timpeall's deich slat anuas ó tigh Pháidín. CC: SP-5-03-21
C 01
escape
N1
AGS
P1
EXP
ó
Semantic Class: MOT
Chuathadh sa tóir air ach bhí sé imithe uathu. CC: MI-3-12-04
Ach d'imigh sé ó na gardaí. CC: FO-4-01-05
Ach d'imigh sí uathu leis an siúl, agus cé raibh sí ina seasamh, ach ag an doras, thiar ag an bhfear ba leis í. CC: LC-7-01-16
02
flee
N1
AGS
P1
MOD?
ar: a theitheamh
Semantic Class: MOT
Bhí sagart ag imeacht ar a theitheamh, agus bhí tóir ina dhiaidh. CC: LC-3-14-04
D 01
die
N1
EXP
Agus nach mór an jab é ceist a chur ar dhuine, atá a fhios agat atá imithe, ar shlí na fírinne. CC: LC-1-35-08
Bhoil, níl an t-anró chéanna ar chor ar bith anois, ó d'imigh na seandaoiní. CC: FO-2-03-01
Le cuimhne go leor de na daoine atá imithe agus atá beo. CC: LC-5-02-11
02
die
N1
EXP
P1
FNT
de: saol
Ach ní fhaca tú duine ar bith ariamh a bhí imithe den tsaol mar a déarfá. CC: MI-1-05-11
Ach, tá sé mí-nádúrach a bheith ag caint ar dhaoine atá imithe den saol agus go dtáinig siad ar ais agus go bhfaca daoine iad agus rudaí mar sin. CC: SP-7-09-03
03
die
N1
EXP
P1
MOD?
ar: slí na fírinne
Tá sí imithe ar shlí na fírinne freisin, in éineacht liom. CC: LC-2-10-07
E 01.11
go
N1
AGS
A
ann
P1
TER
ag: portach, go dtí
Semantic Class: MOT
Ní raibh mórán daoine fásta nó daoine óga, ar an mbaile sin an tráth sin mar bhíodar imithe ar a ngnaithe, imithe ag an bportach is imithe ag obair. CC: SP-8-02-05
D'imigh muid anoir ansin deamhan pingin a fuair muid ansin d'imigh muid ansin go dtí Bríd Ní Fháthartaigh. CC: SP-7-28-01
Bhoil, bhí sé deacair an t-am sin imeacht ann le hais i mbliana, agus 'sén dream céanna atá romhainn arís i mbliana, CC: RM-5-01-01
01.12
go in/out
N1
AGS
A
DIR
amach, isteach
P1
TER
ag
Semantic Class: MOT
Chuaigh sé isteach agus chuir sé tuairim's an tomhas céanna arís ann, agus leag sé amach é, san áit chéanna, agus d'imigh sé isteach ag an stillhouse, arís. CC: LC-4-02-49
Nuair a d'imeodh sé amach ag an féis an tseachtain a mbíodh sé ann, cheapfainnse nuair a d'imeodh sé amach, "Tiocfaidh tú isteach" a déarfainnse leis "agus thú folamh! CC: FO-1-09-03
01.13
go home
N1
AGS
A
TER
abhaile
P1
DIR
trasna
Semantic Class: MOT
Agus d'imigh mé abhaile trasna na garranta, ar fhaitíos an gcloisfeadh an máistir, go raibh mé ann, agus, go raibh mé i mo bháthadh sa tobar a mbíodh sé féin ag déanamh úsáid den uisce. CC: SP-8-02-04
Tá a fhios agam go ndeachaigh sí isteach ag croitheamh láimh, liomsa agus le daoine eile a raibh aithne aici orthu, nuair a bhí sí ag imeacht abhaile, nuair a bhí an cúrsa thart. CC: SP-1-05-01
01.14
go from (person to person)
N1
AGS
P1
FNT
ó
P2
TER
go
Semantic Class: MOT
D'imeadar ó dhuine go duine. CC: MI-3-12-04
Níor fhan, d'imíodar ó cheann go ceann ach... CC: RM-2-11-05
02.11
go
N1
AGS
A
DIR
soir&anoir, siar
Semantic Class: MOT
Ná raibh tú ag imeacht thú féin soir agus anoir le capall agus carr cliathánach nach rabhais? CC: SP-6-22-01
B'fhearr ceann imeacht soir is ceann imeacht siar. CC: RL-4-13-10
02.12
follow, go along
N1
AGS
P1
LOC
le: farraige, claí
Semantic Class: MOT
Bhoil b'éigean dhom a dhul as sin, suas, thart timpeall, ag imeacht leis an bhfarraige. CC: SP-9-08-03
Agus bhí sé ag imeacht ansin leis an gclaí. CC: RM-1-05-19
02.13
fill, go back, turn
N1
AGS
A
DIR
ar ais
Semantic Class: MOT
Óh bhí mo dhuine imithe ar ais. CC: MI-3-07-04
02.14
go forward, proceed
N1
AGS
beithígh
A
DIR
ar aghaidh
Semantic Class: MOT
An raibh na beithígh imithe ar aghaidh arís nó? CC: SP-6-02-06
02.21
go
N1
AGS
P1
AGS
le (refl)
Semantic Class: MOT
Agus, d'imigh sé leis agus chroch sé leis na beithígh. CC: RM-4-02-16
Lá arna mhárach, d'éirigh sé arís, agus d'imigh sé leis. CC: RM-4-02-20
Ach d'imigh linn ceart go leor, agus turas fada é. CC: SP-5-08-05
02.22
go east
N1
AGS
A
DIR
soir
P1
AGS
le (refl)
Semantic Class: MOT
Agus imeacht linn soir, agus 'sén áit ar landáil muid an oíche sin thoir, i ngarraí le Seán Ó Biaidh thoir i lár na Páirce. CC: SP-3-03-22
02.23
go
N1
AGS
P1
AGS
roimh (refl)
Semantic Class: MOT
Bhí sé ag imeacht roimhe agus roimhe agus ní raibh a fhios aige beo cé ngabhfadh sé. CC: RM-4-02-08
"Óh" adeir sé, "ag imeacht romham" adeir sé, "ar lorg m'fhortún. CC: RM-4-02-26
02.31
go around
N1
AGS
A
DIR
thart
Semantic Class: MOT
Ní íosfá tada an lá sin ar ndóigh ar aon chaoi ach ag imeacht thart. CC: SP-4-03-19
Nach bhfuil mná ag imeacht thart ag cuartú uibheacha is fir chomh maith leo, ag cuartú uibheacha? CC: RL-1-07-01
02.32
go around
N1
AGS
P1
LOC
ar fud
Semantic Class: MOT
Agus chonaic mise iad, agus chonaic tusa iad, a Sheáin, agus chonaic Pádraig anseo iad, ag imeacht ar fud an bhaile, agus maide acu, cruit orthu, agus a choise briste, nó a láimh briste. CC: TM1-5-05-07
02.33
be out and about
N1
AGS
A
thart
An bhfaca tusa a Phaitín Terry aon seantincéara ag imeacht thart? CC: RL-2-21-13
Agus, bhíodh muid ag aclaíocht, cúpla oíche sa tseachtain, oíche anseo is oíche ansiúd, mar, ní fhéadfá a bheith dhá oíche i ndiaidh a chéile in aon áit amháin, nó tá faitíos orm go raibh corrspíodóir ag imeacht thart a d'inseodh cén áit a raibh muid ag c CC: SP-3-03-02
Ach bhíodh contúirt ansin, bhíodh madraí ag imeacht thart ann. CC: SP-3-06-02
02.4
travel
N1
AGS
Semantic Class: MOT
Chaith muid an oiread seo laethanta ag imeacht, agus ag siúl, idir oíche is lá, agus ní raibh duine ar bith, ach ní raibh aon obair le fáil againn. CC: RL-4-03-06
Tháinig na carranna amach is tháinig na busanna is tháinig 'chuile rud an dtuigeann tú amach, le go rabhadar in ann, imeacht níos fearr agus saol níos fearr a bheith acu. CC: LC-1-11-01
03.11
go
N1
AGS?
P1
LOC
ar: cosán
Semantic Class: MOT
Ach nuair a bhéas siad roinnt fairsing beidh siad ag imeacht ar aon chosán amháin i gcónaí mar sin. CC: RM-6-16-09
03.12
go on one’s way?
N1
AGS
P1
MOD?
i: bealach
Semantic Class: MOT
Caithfidh sé imeacht ina bhealach. CC: FO-3-13-09
03.21
go away
N1
AGS
N2
LOC/DIR
bealach
Semantic Class: MOT
Agus d'fhan sé ansin is d'imigh mise mo bhealach. CC: FO-7-12-01
03.22
go away
N1
AGS
N2
LOC
sráid
A
DIR
anoir
Semantic Class: MOT
D'imigh muid anoir an tsráid, go ngabhfadh muid siar ag na busanna, agus cén áit a ngabhfadh muid ach síos ag na stórtha. CC: MI-7-11-10
04.11
go
N1
AGS
P1
INS
ar: glúin
Ach théadh an solas as ansin air scaití, agus scaití eile ansin d'fheiceadh sé é mar a ghabhfadh sé i ngleannta, agus é ag imeacht ar a dhá ghlúin i gcónaí, nár bhocht an case anois é. CC: RM-1-05-19
04.12
go barefoot
N1
AGS
P1
MOD
i: bonnaíocha, cosa boinn
Áh, níl ciall ar bith le bheith ag imeacht i do bhonnaíocha. CC: MI-5-03-11
Cá bhfuil an buachaill óg nó an cailín óg ná an páiste ná an malrach, atá ag imeacht ina chosa boinn anois? CC: TM2-10-06-03
04.13
go barefoot
N1
AGS
Adj
MOD
cosnochtaithe
Arah go raibh muid amach sna déaga de bhlianta, ag imeacht cosnochtaithe. CC: TM1-6-07-05
04.21
go, ride
N1
AGS
P1
INS
i: carr
D'imigh Pádraig Ó Neachtain anseo, agus a chomhluadar féin i gcarr amháin. CC: SP-5-08-03
04.22
go, ride
N1
AGS
P1
INS
ar: rothar, capall
Nó d'fheicfeá ag imeacht ar rothar é. CC: FO-6-08-05
Ar ndóigh bhí tú féin ag imeacht ar chuid mhaith acu, capaill diallait. CC: TM1-6-14-26
Tá go leor acu a imíonns ar na bicycles muise. CC: RL-4-06-05
04.3
go
N1
MOT
P1
INS/MOV
le: cóir
Mar, ní raibh blas le cur, idir é féin agus Boston ar chaoi ar bith, ach, imeacht leis an gcóir agus bhí an chóir go maith ag imeacht an lá sin aige go háirithe. CC: LM-4-04-09
05.1
accompany
N1
AGS
A
in éineacht
P1
ASS
in éindí le
Bhíodh an cat ag imeacht in éindí léithi i gcónaí. CC: LC-1-36-01
Síos liom is d'imigh an dreifiúr in éineacht liom síos, agus beirt nó triúr gasúir aici. CC: TM2-11-10-03
Cé nárbh fhearr iad ná an dream a bhí ag imeacht in éineacht ar feadh seacht mbliana agus ní raibh aon oíche a chaitheadar amuigh ariamh nach dtosódh an troid. CC: SP-6-08-07
05.21
iompair, carry
N1
AGS
P1
MOT
le: fuisce
Ach bhíodh dream eile ansin ann an bhfuil a fhios agat, a d'imíodh le chéile, agus, mar a d'úirt mé leat, bhíodh patrúin an uair sin ann agus aontaí agus cábáin óil, ar na haontaí, agus bhíodh píobairí ann, go leor píobairí an uair sin ann, agus bean ar b CC: TM1-1-06-09
Nuair a bhí Tadhg ag imeacht leis an bplúr. CC: SP-6-03-10
05.22
carry, go around
N1
AGS
P1
MOT
le: dreoilín
Bhoil, d'imigh mé leis an dreoilín oíche amháin. CC: SP-7-28-01
Ach tharraing sé as mé ar chuma ar bith, ach ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann níor imigh mise le aon dreoilín. CC: SP-7-28-02
06.1
follow, seek
N1
AGS
P1
TER
i ndiaidh
Bhí a fhios aici go raibh sé imithe i ndiaidh an ghiorria ó aréir. CC: LC-7-02-23
06.2
set out
N1
AGS
S2
ACT
Sgo
Semantic Class: MOT
Agus d'imigh muid, san oíche, tráthnóna deireanach a bhí ann, go ngabhfadh muid suas ann. CC: FO-2-18-01
06.3
travel
N1
AGS
P1
ACT
ar: honeymoon
Semantic Class: MOT
imídís ar honeymoon ar bith fadó, a Phatsaí an imíodh? CC: RL-2-11-05
07
pursue (women)
N1
AGS
P1
FIN
i ndiaidh
Nach bhfuil ceann de do chuid cosa caite agatsa ag imeacht i ndiaidh mná. CC: MI-4-07-01
Nuair a tháinig an ceann dubh anuas bhí Máirtín imithe soir i ndiaidh na péire a chuaigh soir. CC: FO-7-11-30
F 01.1
N1
MOT
bád
A
DIR
amach
Semantic Class: MOT
"Tá 'chuile bhád imithe amach" a deireadh m'athair mór le Seán Ó Ní. CC: RM-2-07-03
01.2
N1
MOT
bád, soitheach
P1
FNT
as: [tír]
Semantic Class: MOT
Agus scúnaeraí a bhí ag imeacht as Sasana uilig an uair sin. CC: RM-2-05-01
Mar bhíodh soitheach ag imeacht as Gaillimh an uair sin a dtugaidís an Korean uirthi. CC: SP-8-11-03
02
N1
MOT
eitleán, traen
Semantic Class: MOT
'Sea agus na heitleáin atá ag imeacht chomh minic. CC: LC-1-29-01
Bhoil an t-am sin, ní raibh aon traen ag imeacht. CC: LC-7-01-21
03
be powered by sail
N1
MOT
P1
INS
le: seol
Mar a d'úirt Máirtín anseo, i dtús na cainte seo bhí sé ag caint ar na trálaeraí seo (an bhfuil a fhios agat) a bhíodh ag imeacht le seol. CC: TM1-2-02-01
04
fly
N1
MOT/AGS
éan
P1
LOC
i: aer
Semantic Class: MOT
Agus nach bhfuighfeá cloch ann a chaithfeá le éan a bheadh ag imeacht san aer. CC: LM-2-05-02
05
move, slide
N1
MOT
trough
P1
le (refl)
Semantic Class: MOT
Áh d'imeodh an trough léi ansin a mhicó agus siúl aici. CC: SP-8-11-03
06
flow out
N1
MOT?
sruthán
P1
FNT
ó
Semantic Class: MOT
Ach bhí srutháinín ag imeacht ón loch seo. CC: LC-3-03-16
07
recede
N1
MOT?
taoille, madhm
A
DIR
amach
Semantic Class: MOT
Ach, faoin meathrabharta ansin, bíonn an taoille ag tíocht níos moille, agus ag imeacht níos moille. CC: LC-5-02-24
Nuair a d'imigh an taoille. CC: RM-3-05-05
Agus ní rinne sí stop ná stay gur thriomaigh sé í, ar dhuirling, agus nuair a d'imigh an mhaidhm amach gur thriomaigh, céad slat uaithi arís CC: RM-1-05-17
08
pass, move
N1
DIC?
caoineadh
P1
LOC
thrí: aer
Semantic Class: MOT
Ag imeacht thríd an aer. CC: LC-2-09-05
09
go out on (radio)
N1
DIC
P1
INS
ar: [radio]
Nach bhfuil a gcuid amhráin ag imeacht ar na wireanna anois? CC: TM2-10-12-01
G 01
go out together (court)
N1
AGS
P1
ASS
le chéile
Ach, beagán roimhe m'amsa déarfaidh mé arís a Phádraig, trí scór blianta ó shin agus roimhe sin, ní mba rud nua ar bith, an bhfuil a fhios agat, an chaoi a bpósaidís anseo, bhíodh siad ag imeacht le chéile. CC: TM1-1-06-01
02
go with
N1
AGS
P1
ASS
le: fear, bean
M'anam nach bhfaca mé aon bhean ag imeacht le aon fhear, agus nach bhfaca mé aon fhear ag cur tuairisc léi, go n-imeodh sí leis (ach an) oiread. CC: MI-5-04-12
Arah dúin do bhéal, ná raibh siad ag imeacht le fir. CC: TM2-10-02-10
Bhíodh sé ag cur cathú ar an bhfear, ag rá go mbíodh fear eile ag imeacht lena bhean. CC: LC-1-36-05
H 01
"go"
N1
LOC?
bóthar
Adj
MOD?
díreach
Bhí píosa bóthair díreach ann, agus ag teacht na Samhna an bhfuil a fhios agat, teacht mí na Samhna, chonaic mé píosa de bhóthar díreach chomh fada agus d'fhéadfadh mo shúil a fheiceáil, gan cor ná car ann, ach é ag imeacht díreach. CC: SP-1-12-04
02 A 01.11
come out of
N1
MOT
bia, uisce, sáile
P1
FNT
as
Agus, d'ímíodh an bia aisti. CC: TM1-4-02-03
Agus a bheith ag neartú an tine de réir a chéile, sa gcaoi nach loiscfí é, mar dhá dtagadh iomarca allas leis an teas air, de réir mar a bheadh an t-uisce ag imeacht as an ngrán, mhillfeadh sé an bhraich... CC: LC-4-02-05
Go mbeadh an sáile imithe astu mar a déarfá. CC: RM-4-03-09
01.12
rise
N1
MOT
deatach, gail
P1
FNT
as
Bhoil nuair a d'fhiuch an leann an dtuigeann tú, agus an deatach a d'imigh as sin, chuaigh sé thríd an worm, agus bhí an worm ag dul thríd an uisce fuar, síos insa dabhach seo agus a chloigeann ag tíocht amach ina íochtar. CC: SP-1-11-04
Agus, bhíodh cuide den ghail ag imeacht astu. CC: LC-4-02-15
01.13
drip off
N1
MOT
drúcht
P1
FNT
de
Roimh an ghrian, sul má d'imeodh an drúcht di. CC: TM2-7-06-04
01.2
come off, disappear
N1
MOT
Imíonn an rud éadrom ansin agus fanann an gráinne. CC: LC-1-02-05
01.3
clear up (eye)
N1
MOT
salachar
P1
FNT
as: súil
Bydad, bhí salachar faoi mo shúil is chuaigh mé ag seanbhean acu, agus bhí sé ag cinnt orm é a bhaint as agus ní raibh mé in ann mo shúil a oscailt agus dar príosta, go ndeachaigh sí siar sa seomra agus thug sí léi an braon uisce, agus nuair a chuir sí a... - gur imigh an salachar as mo shúil CC: LC-1-10-03
02.1
fall apart (mixture)
N1
AFF
P1
ASS
ó
P2
RES
i
Bheadh sé imithe ó chéile ina phraiseach ar an bpeain. CC: RL-3-07-12
02.2
disintegrate, crumble
N1
AFF
P1
ASS
i: píosaí
Agus ar an nóiméad agus rug sé uirthi, d'imigh sí ina píosaí, ina puiteach, agus ní fhaca sé aon bhlas arís di. CC: RM-7-02-22
An t-iarann eile, bhíodh sé ag imeacht ina phíosaí agus briosc, nuair a thógtaí gorradh air, agus ar éigean a d'fhéadfaí gorradh ar bith a chur air. CC: SP-1-04-04
03
go off, explode
N1
AFF
bomb
D'imigh ceann de na bombanna sin (nachar imigh). CC: FO-7-17-01
04.1
give way (from under)
N1
MOT
gaineamh, clocha, curach
P1
FNT
ó
An áit a raibh an gaineamh ag imeacht uaim. CC: SP-5-08-09
Ach nuair a thiocfas tú isteach go dtí barr na Cruaiche ansin, théis an leathmhíle deirneach seo de strapadóireacht chráite a bheith déanta agat, agus na clocha ag imeacht uait, caithfidh tú a dhul ar do dhá ghlúin CC: SP-5-09-07
D'imigh an curach óna chosa. CC: TM2-7-10-13
04.2
get underfoot
N1
MOT
faic
P1
LOC
faoi: cosa
Agus bheadh an faic ag imeacht faoi do chosa. CC: SP-2-07-02
B 01.1
go (disappear)
N1
MOT
cearc
Bhíodh cearc imithe 'chuile lá, dhá dtéinn ag an bportach. CC: SP-8-04-05
01.2
disappear, be invisible
N1
AFF
gealach
Ach an t-am sin a Sheáin bhídís ag fanacht go mbeadh an ghealach imithe, go mbeadh an ghealach cúlta. CC: TM2-9-12-06
02.1
vanish
N1
MOT
uisce
P1
FNT
de
Bhí an t-uisce imithe dhíom. CC: LC-6-02-21
02.2
vanish
N1
MOT
leasú
P1
TER
ar: uisce
Nach shílfeá ansin go mbeadh an leasú súite uiliug ag an talamh agus imithe ar an uisce. CC: MI-6-01-05
03
be over
N1
MOT
sioc, sneachta
Bhoil tá go leor acu tabharfaidh siad leo iad agus cuirfidh siad le claí iad, is ann is faide beidh an t-aer acu, agus beidh na siocanna imithe, agus an sneachta. CC: LC-5-03-63
04.11
go (be spent) (money)
N1
MOT
[fin]
Agus nuair a imeos an punt sin níl a fhios acu ó neamh na néal cé as a dtiocfaidh an chéad phunt eile. CC: MI-1-02-06
Ní bheidh ólta acu ach trí nó ceathair de cheanna is tá a bpunt imithe. CC: FO-1-32-03
04.12
be wasted
N1
MOT
[fin]
Adj
MOD
fánach
Mar tá go leor d'airgead na tíre seo ag imeacht go fánach, agus go mb'fhearr go mór fada, páí bhreá shásúil a thabhairt d'fhear tí, ná a bheith dhá chaitheamh déarfaidh muid ar an doleín sin, nó ar na deonasaí beaga sin atá ag imeacht go fánach. CC: SP-2-05-05
04.2
vanish, be spent
N1
MOT
fataí
Agus d'imigh na fataí agus ní raibh aon fhata acu. CC: FO-2-13-01
05
get scarce
N1
MOT
iasc
P1
FNT
as
Ní hé amháin anois, go gcloisim go bhfuil an t-iasc imithe as an gcuan. CC: TM1-6-10-15
Tá na faochain imithe freisin as. CC: TM1-6-10-15
Ach nuair a d'imigh an muirín, shíl siad titim siar ar an oistire. CC: LM-5-03-14
06.1
be gone (state)
N1
STA
tuirse
P1
EXP
de
Chuala mé ariamh ceart go leor a Johnny nuair a bheadh an gabha théis a lá oibre nuair a nífeadh sé a lámha, san iomar tráthnóna go mbeadh tuirse an lae imithe dhó. CC: MI-3-06-03
Ach, d'imigh an tart, mar sin féin. CC: TM2-7-03-05
07
go out (fire)
N1
EVT
tine
A
STA
as
Nuair a d'imeodh an tine sin as, d'fhuireasa aer, nó gaoth, agus nuair a chartfaí arís í, agus smiochóideacha a bheadh ann, nó caoráin, leathdhóite. CC: SP-1-04-09
08
leave
N1
ACT
cúnamh
P1
LOC
as
D'imigh an cúnamh as na tithe. CC: FO-6-03-05
C 01
run out of supply, be short of
N1
EXP
P1
MOT
as: móin
Bhí áiléir sa teach fadó ach bliain amháin d'imigh sé as móin, agus tharraing sé féin anuas an dá áiléar gur dhóigh sé iad. CC: SP-5-03-12
02
be lost to (land)
N1
POS
talamh
P1
EXP
ó
Agus anois, cén chaoi ar imigh an talamh sin uathu sin mar a déarfá, cé a thóg ansin é thar éis eisean imeacht? CC: RM-5-09-08
03.1
dearmad, forget, lose (memory)
N1
FAC?
(eolas), smaoineamh
P1
EXP
as: cuimhne
Óh, tá ar ndóigh tá sé an fhad anois agus go bhfuil sé imithe as mo chuimhne. CC: MI-3-01-15
Ach dhá mbeinn ag smaoineamh ó shin, sílim gob é an chaoi a raibh gach smaoineamh ag imeacht as mo chloigeann, nó gur casadh Tadhg tráthnóna liom. CC: SP-5-01-03
Bhoil anois, tháinig rud éigin isteach i mo chloigeann agus tá sé imithe. CC: RM-7-02-24
03.2
lose (topic)
N1
AGS
P1
THE
ó
Semantic Class: DIC
Agus, tá muid ag imeacht ón mbádóireacht anois tiocfaidh muid ar ais arís aige seo, ach, leanfaidh muid leis an mbádóireacht tamall. CC: LC-3-10-01
Ach ar aon nós a Henry, tá muid ag imeacht ón rud a raibh muid ag caint faoi, éadach olla. CC: LM-1-03-01
Thiocfainn leat ansin a Johnny ach tá sibh imithe ó na heascannacha arís. CC: MI-4-02-40
04
lose (figure)
N1
EXP
P1
STA
as: cuma
Ach ní íosfaidh siad seo anois aon fhata, mar tá siad ag ceapadh go ramhróidh siad rómhór, agus go mbeidh siad imithe as a gcuma, agus nach mbeidh siad suas, mar adeir siad féin leis an style. CC: FO-2-09-02
05
lose (feeling)
N1
PRT?
mothú
P1
EXP
as
D'imigh an mothú as. CC: RM-1-06-04
D 01
disappear
N1
ACT
ceird
A
(DIR)
amach
Cuirfidh mé suas cúpla crú dhó le truaí dhó, mar tá ceird na goibhneacht imithe. CC: MI-1-14-03
Bhoil ceapaim féin, go bhfuil an phláistéaracht go mór mór ag imeacht amach. CC: SP-4-07-05
02
disappear
N1
ACT?
[bia]
P1
STA?
as: faisean
Ach, is dóigh go bhfuil siad imithe as faisean anois ar aon bhealach. CC: SP-4-05-03
Fiú amháin an braeim, a mbíodh pota gabáiste dhá bhruith ann fadó, tá sé imithe as faisean anois. CC: TM2-8-07-10
03
go astray
N1
EXP
A
STA
le/ar fána, ar seachrán, i léig
Agus togha na gcailíní a dheirfiúirín atá imithe amú, imithe ar seachrán. CC: FO-3-13-17
Agus ní hé amháin gur imigh sé féin ar fán, ach thug sé drochshampla, agus drochainm, b'fhéidir don áit a d'fhágaigh sé. CC: SP-2-04-01
Mar tá sé ag imeacht i léig nach bhfuil. CC: SP-4-09-01
04
decline
N1
ACT?
nós, Gaeilge, scéalta
Tá an sean-nós Gaelach imithe ar fad. CC: TM2-12-08-04
De réir a chéile, go mbeidh an Ghaeilge ag imeacht ag imeacht ag imeacht nach mbeidh... CC: TM2-8-11-08
Tá na seanscéalta féin imithe freisin. CC: RL-3-13-09
E 01
be sold
N1
AFF
móin
P1
VAL
ar
Agus, chonaic mise móin ag imeacht, lucht báid, ar dheich fichead is ar chúig déag is punt. CC: RL-1-04-10
Líonta suas í i mboscaí cardboard dhá díol ag siopaí nó ag feirmeacha ar bith thart timpeall a cheannós uathu í, agus tá sí ag imeacht agus imeacht maith uirthi. CC: SP-9-01-03
Ach, anam go raibh an imeacht ar an ubh chirce. CC: TM2-9-04-12
02
be hired
N1
AFF
P1
VAL
ar: páí, ag
Ag imeacht ar laethanta páí ag daoine. CC: MI-6-17-02
03
settle on
N1
AFF?
P1
VAL
ar: praghas, páí
Ar son Dé ort, imigh ar aon phraghas amháin. CC: SP-6-03-13
Agus, leagadh sé an dtuigeann tú, ar an iomaire é más ag baint fhataí a bheadh sé, nó ar an gclaí más le féar a bhíodh sé le speal agus ag imeacht ar páí i gcónaí. CC: RM-7-02-24
F 01
pass
N1
TEM
saol
A
DIR
(ar aghaidh)
Ach, bhí an saol ag imeacht, is gearr a bhí an lá is bliain ag imeacht, bydad, bhí mac acu, agus scorach breá de mhac freisin. CC: RM-4-02-06
Ní aireoidh tú an saol ag imeacht. CC: RL-4-13-12
Ach ansin a Phádraig Uí Mhárta faoi cheann scór blianta eile má bhíonn an saol ag imeacht ar aghaidh mar atá sé, caithfidh sé nach mbeidh na daoine a bheas an uair sin ann in ann mórán lena gcaipín a chur ar a gcloigeann, beidh siad chomh lag sin. CC: MI-3-16-01
02
pass
N1
TEM
bliain
Dream an lae inniu, níl ann ach imeacht bliain amháin is tá siad ar ais arís, ag fanacht mí, dhá mhí, ag imeacht arís is ag teacht arís. CC: TM2-10-08-05
Bhoil, bhí na blianta ag imeacht an dtuigeann tú. CC: MI-5-04-35
03
pass, be over
N1
TEM
[am]
P1
(DIR)
(as)
Dhá mbeadh glaicín gabáiste curtha agat, agus glac fataí, gráinne beag bran agus bláthach, agus 'chuile mheadar thrína chéile, bydad ní airfeá trí mhí ag imeacht agus airgead an-handáilte. CC: FO-2-29-05
Agus tá an fómhar féin i ndáil le bheith imithe. CC: TM2-12-02-01
Is nár mb'fhéidir go raibh agus iarraidh mhór den oíche imithe as freisin. CC: RM-1-06-04
04
be over
N1
TEM/ACT
lá an chapaill
Tá lá an chapaill imithe. CC: SP-8-03-09
03 A 01
function
N1
INS?
lampa
P1
LOC?
de réir
Bhíodh lampa agam, Lucas lamp, agus, flag ansin le haghaidh sa ló, agus an lampa le haghaidh na hoíche, agus bíonn an lampa ag imeacht an dtuigeann tú de réir an ailtipéad. CC: SP-3-03-26
02
"keep going"
N1
EVT
tornóg
Thógfadh sé beirt fhear mhaithe, an tornóg a choinneál ag imeacht. CC: LC-6-01-09
03
happen
N1
EVT
chaon tsórt
A
STA
ar fheabhas
Agus nuair a bhí an oíche ina (maith), agus 'chaon tsórt ag imeacht ar fheabhas, tháinig ceann eile, agus bhuail sé an doras go trom. CC: RL-1-11-11
04
operate
N1
ACT/SOC?
áit, teach, monarca
Ar ndóigh níl an t-airgead againn, agus níl muid in ann an áit a choinneáil ag imeacht. CC: RL-2-08-09
Théis an méid comhluadair a bhí i(n)s 'chuile theach bhí siad in ann tá mise ag rá leat an teach a choinneál ag imeacht, agus bhí siad in ann pósadh amach i ndiaidh a chéile as. CC: TM2-10-02-21
Nach bhfuil siad ag iarraidh na monarcain seo a choinneál ag imeacht. CC: TM2-10-15-03
05
support
N1
AFF
bean
P1
INS
le
Níl a fhios agam, b'fhéidir go bhfuil na fir féin ag breathnú isteach air go bhfuil sé an-chostasach bean a choinneál ag imeacht le 'chuile shórt cineál dá bhfuil sí a chaitheamh mar a déarfá. CC: FO-5-28-05
B 01
be governed
N1
EVT
rabharta
P1
CAU
de réir
De réir na gealaí atá an rabharta ag imeacht. CC: TM2-7-02-12
C 01
behave
N1
AGS?
daoine
Ah is dóigh, an chaoi a raibh daoiní ag imeacht an t-am sin mar a déarfá go rabhadar go dona, mar a déarfá. CC: RM-2-09-04
02
behave
N1
AGS
P1
MOD
mar
S2
(TEM)
Sgo
Mura bhfuil tá tú in ann na litreacha a dhéanamh amach, nó figiúirí, agus ná bí ag imeacht mar sin go mbeidh tú in do dhall. CC: FO-3-12-05
03
behave, opt
N1
AGS
P1
MOD
ar: éascaíocht, caoi
'Chuile chineál obair mar sin ag imeacht ar éascaíocht. CC: FO-5-13-03
Níl, siúráilte, tá tú i gcónaí ag imeacht ar an caoi is réidhteach den scéal. CC: FO-2-29-08
04
follow, imitate
N1
AGS
P1
CAU
le: saol, nós
Caithfidh tú imeacht leis an saol. CC: RL-4-12-07
Faoi láthair, tá siad ag imeacht le go leor leor de ghnásanna na dtíreacha eile, Sasana agus mar sin. CC: TM2-10-04-07
05
go easy with
N1
AGS
P1
EXP
le
Adj
MOD
éasca
Chaithfeá a bheith ag imeacht éasca leis. CC: TM2-7-04-09
D 01
be available
N1
leabhra, tae, leasú
Shílfeá é sin anois déarfá, tá leabhra ag imeacht anois a déarfá faoi chócaireacht is faoi rudaí agus tá píosaí sa bpáipéar faoi na rudaí sin. CC: TM2-8-08-06
Agus cheapfainn gob é an leasú is fearr ag imeacht é. CC: LM-3-01-17
'Sea, is ní raibh aon tae an uair sin ag imeacht. CC: RM-3-07-12
02
be in use
N1
INS
P1
(AGS)
ag
Ach bhí mé ag ceapadh, le a raibh de chaint aige, caint ar an téip, agus ar siosúr, agus snáthad, bhí mé cinnte nach stopfadh sé, nó go ndéarfaidh sé go raibh plána, agus square ag imeacht ag táilliúr. CC: LM-1-08-10
Ach, níl a fhios agam féin beo, cén fáth, go bhfuil an oiread spéacláirí ag imeacht ar an saol seo, ó tháinig solas leictreachais. CC: LM-1-02-03
03
be worn, in fashion
N1
INS
bróga
P1
AGS
ar
Tá bróga anois a Mheárt ag imeacht ar mhná, diabhal blas samhail a thabharfá dhóibh ach sliogáin. CC: TM2-12-13-06
Cén meas a bheadh ar bhean óg anois inniu a mbeadh seál ag imeacht uirthi? CC: RL-4-05-06
Nach iad na miotáin a bhíodh ag imeacht fadó orthu. CC: RL-4-05-18
04
operate, be available
N1
ACT
scoil, foghlaim
Agus bhí sé a cheapadh, dhá mbeadh scoil ag imeacht agus foghlaim, mar tá anois, nach raibh aon léamh faoin domhan faoin gceann a bhí orthu. CC: LC-5-03-25
05
pass for
P1
STA
i (ess)
An obair seo mar gheall go bhfuileadar seo dhá scríobh síos, ní bheadh sé ag na daoine ag imeacht ina bhéaloidis. CC: RM-5-14-01
06
be involved in
N1
ACT
pleaineanna
P1
AGS
le
Agus, go minic bhíodh go leor pleaineanna ag imeacht leis freisin. CC: LM-2-04-12
E 01
occur
P1
LOC/TEM?
ar: saol
Feicim nach bhfuil a leithide de rud ag imeacht ar an saol. CC: MI-1-04-02
02
exist, be present
N1
feoil, buidéal
P1
LOC
i, ar, ag
Ach anois tá eolas ar 'chuile ní dhá bhfuil ag imeacht in áit ar bith sa domhan acu. CC: LM-3-15-01
(D'úirt) siad ná raibh muid ag déanamh tada ach cótaí móra feola ag imeacht orainn agus ag imeacht ag lacstaráil. CC: FO-3-11-04
I nDomhnach dhá mbeadh buidéal poitín ag imeacht ag fear anois ag iarraidh mná, is gearr gur istigh i bpríosún Luimneach a bheadh sé. CC: TM2-10-04-06
03
be (’in my day’)
N1
EXP
mise
Insan am a raibh mise ag imeacht, agus, 'sin naoi mbliana déag ó shin. CC: MI-5-01-06
04
be rampant (disease)
N1
STA?
tinneas
Agus sílim go bhfuil níos mó tinneasacha ag imeacht ná a bhíodh an t-am sin. CC: FO-1-23-03
Bhí leigheas ar an triuch, bhí leigheas ar 'chuile chineál ní galra a bhí ag imeacht. CC: TM1-6-13-02
05
bain, have (luck)
N1
EVT
ádh
P1
EXP
le: daoine
Tá ádh ag imeacht le daoiní an dtuigeann tú, (go) bhfuil siad níos fearr ná a chéile le seasamh leis an bpáiste. CC: LC-2-08-23
06
go well
N1
EVT
Adj
MOD
ceart
Abair léi sin a rá lena fear obair an Domhnaigh a bheith ag bualadh an inneoin a thabhairt suas, agus go mbeidh 'chuile shórt ag imeacht ceart. CC: SP-9-14-08
F 01
fáigh, become
N1
EXP
Adj
STA
craiceáilte, corrach, caoch
Nach mbeadh muid caoch a dheirfiúirín is ag imeacht caoch, ach ní hamhlaidh atá siad inniu. CC: FO-3-12-02
Ach an stuf atá ann anois deir siad go sábhála Dia sinn go n-imeofá craiceáilte dhá n-óltá do dhóthain dó, pé ar bith cén stuf atá ag dul thríd nó cén chaoi a bhfuil siad dhá dhéanamh anois. CC: SP-1-11-07
Tá siad ag imeacht chomh corrach sin. CC: TM2-12-05-04
02
become, turn into
N1
AFF
P1
EFF
i (ess): sú
Níl sí imithe ina sú, ná ina geir ach an oiread. CC: RL-1-06-03
Chaithfidís a bheith dhá suaitheadh nó d'imeodh sí ina luaithe. CC: LM-5-02-02
03
go to waste?
N1
AFF
P1
STA
i: bhásta
Tá sé imithe i bhásta mar tá an té a bhí ag plé leis imithe uaidh mar ní fhaca sé aon bhlas ann. CC: TM2-9-09-04
04
grow wild
N1
AFF
garranta
P1
STA
i: bhfiántas
Cé go raibh na garranta seo ann atá imithe i bhfiántas, amach anseo is ansiúd i mbun an tsléibhe b'fhéidir, gan aon cheo a chur orthu le blianta. CC: TM2-11-13-04
05
go bad
N1
AFF
iascach
P1
STA
ó: rath
Ah, tá an t-iascach imithe ó rath, nach bhfuil, i gcomórtas leis an am a raibh tusa ann a Choilm? CC: SP-3-08-02
04 A 01
start working
N1
AGS
S1
ACT
&Svn
Semantic Class: PHA
Imeacht agus an bainne a chruinniú agus é a chaitheamh isteach i gcuinneog agus é a dhéanamh nó go ndéanfar ruainne ime as. CC: FO-1-25-05
02
start working/speaking
N1
AGS
P1
AGS
le (refl)
Semantic Class: PHA
Ach ar aon nós, bheifeá ag imeacht leat go mbeadh sé deilbhithe agat. CC: TM2-7-04-09
Imigh leat anois. CC: SP-8-05-04